Language of document : ECLI:EU:C:2024:172

Cás C382/21 P

Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

v

The KaiKai Company Jaeger Wichmann GbR

 Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 27 Feabhra 2024

(Achomharc – Maoin Intleachtúil – Dearaí Comhphobail – Conradh Comhair Paitinní – Comhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil – Coinbhinsiún Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint – Airteagal 4 – Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 – Airteagal 41 – Iarratas ar dhearadh a chlárú – Ceart tosaíochta – Éileamh tosaíochta bunaithe ar iarratas idirnáisiúnta a comhdaíodh faoin gConradh Comhair Paitinní – Teorainn ama – Léiriú i gcomhréir le hAirteagal 4 den Choinbhinsiún sin – Teorainneacha)

1.        Comhaontuithe idirnáisiúnta – Coinbhinsiún Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint – Comhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS) – Éifeacht dhíreach – Neamhláithreacht – Léiriú comhréireach – Teorainneacha

(Comhaontú TRIPS, Airteagal 2(1))

(féach míreanna 59-64, 68, 70, 74)

2.        Dearaí Comhphobail – Iarratas ar chlárú – Ceart tosaíochta – Neamhfhéidearthacht d’oibreoir brath go díreach ar Choinbhinsiún Pháras

[Rialachán Uimh. 6/2002 ón gComhairle, Airteagal 41(1)]

(féach mír 69)

3.        Dearaí Comhphobail – Iarratas ar chlárú – Ceart tosaíochta – Foclaíocht shoiléir agus cineál uileghabhálach na forála de dhlí tánaisteach an Aontais a bhaineann leis an gceart tosaíochta

(Rialachán Uimh. 6/2002 ón gComhairle, Airteagal 41(1))

(féach míreanna 74-77)

4.        Dearaí Comhphobail – Iarratas ar chlárú – Ceart tosaíochta – Éileamh tosaíochta bunaithe ar iarratas a comhdaíodh faoin gConradh Comhair Paitinní – Tréimhse tosaíochta – An fhéidearthacht tosaíocht a éileamh d’iarratas ar phaitinn idirnáisiúnta níos luaithe agus iarratas dearaidh níos déanaí á chomhdú laistigh de thréimhse 12 mhí – Eisiamh

[Conradh Comhair Paitinní, Airteagal 2(i), (ii) agus (vii); Rialachán Uimh. 6/2002 ón gComhairle, Airteagal 41(1)]

(féach míreanna 78-85)

Résumé

Trí sheasamh leis an achomharc a rinne Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás The KaiKai Company Jaeger Wichmann v EUIPO (Gairis agus trealamh gleacaíochta agus spóirt) (1), tugann Mór-Dhlísheomra na Cúirte Breithiúnais soiléiriú maidir leis an idirdhealú idir éifeacht dhíreach comhaontuithe idirnáisiúnta agus léiriú na reachtaíochta tánaistí i gcomhréir leis na comhaontuithe sin agus déanann sé cinneadh ar na teorainneacha a bhaineann le léiriú comhréireach den sórt sin.

An 24 Deireadh Fómhair 2018, rinne an t-iarratasóir, The KaiKai Company Jaeger Wichmann GbR, iarratas chuig EUIPO ar 12 dhearadh Comhphobail a chlárú, agus d’éiligh sé ceart tosaíochta bunaithe ar iarratas idirnáisiúnta ar phaitinn a comhdaíodh an 26 Deireadh Fómhair 2017 faoin gConradh Comhair Paitinní. (2)

Sheas EUIPO leis an iarratas ar chlárú, ach dhiúltaigh sé an ceart tosaíochta, ar an bhforas go raibh dáta comhdaithe an iarratais idirnáisiúnta roimh dháta comhdaithe an iarratais sin ar chlárú níos mó ná sé mhí. Foráiltear le hAirteagal 41(1) de Rialachán Uimh. 6/2002 (3) go bhfuil ceart tosaíochta ag duine a bhfuil iarratas ar cheart dearaidh nó ar chuspa áisiúlachta comhdaithe go cuí aige, d’fhonn iarratas a dhéanamh ar dhearadh Comhphobail ina dhiaidh sin, ar feadh tréimhse sé mhí ón dáta ar comhdaíodh an chéad iarratas. Mheas EUIPO, cé go bhféadfadh iarratas faoin gConradh Comhair Paitinní a bheith mar bhonn, i bprionsabal, do cheart tosaíochta faoi Airteagal 41(1) de Rialachán Uimh. 6/2002, ós rud é go raibh na samhlacha áisiúlachta dá dtagraítear in Airteagal 41(1) san áireamh freisin sa sainmhíniú leathan ar an gcoincheap ‘paitinn’ in Airteagal 2 den Chonradh Comhair Paitinní, go raibh éileamh tosaíochta den sórt sin faoi réir tréimhse sé mhí freisin, rud nár comhlíonadh sa chás seo.

Le breithiúnas an 14 Aibreán 2021, chuir an Chúirt Ghinearálta cinneadh EUIPO ar neamhní. Chinn sí go raibh bearna in Airteagal 41(1) de Rialachán Uimh. 6/2002, sa mhéid nár leagadh síos inti an teorainn ama chun tosaíocht ‘iarratais idirnáisiúnta ar phaitinn’ a éileamh i gcomhthéacs iarratais ar dhearadh ina dhiaidh sin. Chinn an Chúirt Ghinearálta gurb é cuspóir na forála sin an Rialachán sin a chur i gcomhréir le hoibleagáidí a eascraíonn as Airteagal 4 de Choinbhinsiún Pháras (4) agus, dá bhrí sin, gur cheart an bhearna sin a líonadh trí Airteagal 4 a chur i bhfeidhm. Chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl, go bunúsach, faoi Airteagal 4, gurbh é cineál an chirt a bhí ann roimhe sin lenar cinneadh fad tréimhse tosaíochta den sórt sin, sa chaoi is gur 12 mhí a bhí sa tréimhse sin. Ar deireadh, chinn an Chúirt Ghinearálta go ndearna EUIPO earráid dlí agus é ag cinneadh gurbh é sé mhí an teorainn ama is infheidhme maidir le héileamh tosaíochta atá i gceist.

An 23 Meitheamh 2021, rinne EUIPO achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin, agus mhaígh sé saincheist dlí amháin, lena n éilítear go ndearnadh sárú ar Airteagal 41(1) de Rialachán Uimh. 6/2002. Ar an bhforas sin, maíonn EUIPO, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta Airteagal 4a de Choinbhinsiún Pháras a chur i bhfeidhm go díreach, gan aird a thabhairt ar chur i bhfeidhm fhoráil shoiléir uileghabhálach Airteagal 41(1) de Rialachán Uimh. 6/2002, chun léiriú mícheart ar Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 6/2002 a chur ina ionad.

Le doiciméad arna thaisceadh ar an dáta céanna, d’iarr EUIPO go gceadófaí a achomharc, i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 58a de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Le hordú an 10 Nollaig 2021 (5), d’admhaigh an Chúirt Bhreithiúnais an t achomharc.

Measúnú na Cúirte

Ar an gcéad dul síos, maidir le héifeachtaí Choinbhinsiún Pháras i ndlíchóras an Aontais, cuireann an Chúirt in iúl ar dtús, cé nár thug an tAontas Eorpach an Coinbhinsiún sin i gcrích, go ndéantar na rialacha a chuirtear in iúl in Airteagail áirithe den Choinbhinsiún sin, lena n-áirítear Airteagal 4 de, atá ionchorpraithe i gComhaontú TRIPS, a thug an tAontas Eorpach i gcrích. Dá bhrí sin, ní mór a mheas go bhfuil na héifeachtaí céanna ag na rialacha sin agus atá ag na rialacha a eascraíonn as Comhaontú TRIPS.

Ina dhiaidh sin, chinn an Chúirt, i bhfianaise a gcineáil agus a struchtúir, nach bhfuil éifeacht dhíreach ag forálacha Chomhaontú TRIPS. Ina theannta sin, ní thagann Airteagal 4 de Choinbhinsiún Pháras faoin dá chás eisceachtúla inar chinn an Chúirt go bhféadfaidh daoine aonair brath go díreach ar fhorálacha chomhaontuithe EDT os comhair Chúirteanna an Aontais. Ar thaobh amháin, ní dhéantar aon tagairt shainráite d’Airteagal 4 in Airteagal 41 de Rialachán Uimh. 6/2002. Ar an taobh eile, níl sé i gceist le hAirteagal 41 oibleagáid ar leith arna glacadh i gcomhthéacs chomhaontuithe EDT a chur chun feidhme i ndlíchóras an Aontais. Os a choinne sin, is éard atá sa Rialachán sin an rún atá ag reachtóir an Aontais cur chuige a bhaineann go sonrach le dlíchóras an Aontais a ghlacadh le haghaidh ceann de na cearta maoine tionsclaíche a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún Pháras, trí chóras sonrach cosanta aonadaí agus doroinnte do dhearaí Comhphobail a bhunú i gcríoch an Aontais Eorpaigh, a bhfuil an ceart tosaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 41 ina chuid dhílis de.

Dá bhrí sin, mheas an Chúirt as sin nach bhfuil aon éifeacht dhíreach ag na rialacha a chuirtear in iúl le hAirteagal 4 de Choinbhinsiún Pháras agus, dá bhrí sin, níl siad de chineál a chruthódh cearta ar féidir le daoine aonair brath orthu go díreach faoi dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, tá an ceart tosaíochta chun iarratas ar dhearadh Comhphobail a chomhdú á rialú ag Airteagal 41 de Rialachán Uimh. 6/2002, gan oibreoirí eacnamaíocha a bheith in ann brath go díreach ar Airteagal 4.

Mar sin féín, chuir an Chúirt in iúl, ós rud é go bhfuil Comhaontú TRIPS ina cheangal ar institiúidí an Aontais agus, dá bhrí sin, go bhfuil tosaíocht aige ar ghníomhartha dhlí tánaisteach an Aontais, ní mór an dlí sin a léiriú, a mhéid is féidir, ar bhealach atá comhsheasmhach le forálacha an chomhaontaithe sin. Dá bhrí sin, ní mór Rialachán Uimh. 6/2002 a léiriú, a mhéid is féidir, i gcomhréir leis na rialacha a chuirtear in iúl le hAirteagail Choinbhinsiún Pháras, go háirithe Airteagal 4 de, atá ionchorpraithe i gComhaontú TRIPS.

Ar an dara dul síos, chinn an Chúirt go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, sa mhéid is gur léir gur sháraigh sí na teorainneacha léirithe comhréireach le hAirteagal 41(1) de Rialachán Uimh. 6/2002, agus, go deimhin, go ndearna sí Airteagal 4 a chur i bhfeidhm go díreach, arna léiriú ag an gcúirt sin, chun dochair d’fhoclaíocht shoiléir Airteagal 41(1) agus gan aird a thabhairt ar chineál uileghabhálach na forála sin.

Dá bhrí sin, leanann sé ó fhoclaíocht shoiléir agus uileghabhálach Airteagal 41(1) nach féidir, ar thaobh amháin, le hiarratas idirnáisiúnta arna thaisceadh faoin gConradh Comhair Paitinní ceart tosaíochta a bhunú, de bhun na forála sin, ach amháin a mhéid a bhaineann an t-iarratas idirnáisiúnta atá i gceist le cuspa fóntais agus, ar an taobh eile, is é an teorainn ama chun an ceart tosaíochta sin a éileamh ar bhonn iarrata den sórt sin ná teorainn ama sé mhí, a leagtar síos go sainráite san fhoráil sin.

Ar an tríú dul síos, maidir leis an léiriú a ghlac an Chúirt Ghinearálta ar Airteagal 4 de Choinbhinsiún Pháras, ar dá réir a cheadaítear leis an bhforáil sin tosaíocht ‘iarratais idirnáisiúnta ar phaitinn’ níos luaithe a éileamh nuair a chomhdaítear iarratas dearaidh níos déanaí laistigh de 12 mhí, tugann an Chúirt dá haire go bhfuil an léiriú sin curtha ó bhail freisin trí earráidí dlí.

Leanann sé ó léamh comhcheangailte Ranna A, C agus E d’Airteagal 4 nach gceadaítear éileamh tosaíochta den sórt sin leis agus, dá bhrí sin, nach leagtar síos leis, a fortiori, rialacha maidir leis an teorainn ama a thugtar don iarratasóir chun na críche sin. Dá bhrí sin, ní fhéadfaidh ceart tosaíochta d’iarratas ar dhearadh faoi Airteagal 4 teacht as ach iarratas idirnáisiúnta arna chomhdú faoin gConradh Comhair Paitinní a bhaineann le cuspa fóntais, laistigh den tréimhse sé mhí dá dtagraítear i Roinn E(1) de.

I bhfianaise an mhéid roimhe seo, seeasann an Chúirt leis an tsaincheist amháin den achomharc, cuirtear breithiúnas na Cúirte Ginearálta ar ceal agus diúltaítear leis an gcaingean ag an gcéad chéim.


1      Breithiúnas an 14 Aibreán 2021, The KaiKai Company Jaeger Wichmann v EUIPO (Gairis agus trealamh gleacaíochta agus spóirt) (T‑579/19, EU:T:2021:186).


2      Tugadh an Conradh Comhair Paitinní chun críche in Washington an 19 Meitheamh 1970 agus leasaíodh é go deireanach an 3 Deireadh Fómhair 2001 (Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, Iml. 1160, Uimh. 18336, lch. 231).


3      Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Comhphobail (IO 2002 L 3, lch. 1).


4      Síníodh Coinbhinsiún Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint an 20 Márta 1883 i bPáras, athbhreithníodh é go deireanach i Stócólm an 14 Iúil 1967 agus leasaíodh é an 28 Meán Fómhair 1979 (Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, Iml. 828, Uimh. 11851, lch. 305).


5      Ordú an 10 Nollaig 2021, EUIPO v The KaiKai Company Jaeger Wichmann (C‑382/21 P, EU:C:2021:1050).