Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Craiova (an Rómáin), arna taisceadh an 28 Eanáir 2022 – NR v Parchetul de pe lângă Curtea de Apel Craiova

(Cás C-58/22)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Craiova

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: NR

Cosantóir: Parchetul de pe lângă Curtea de Apel Craiova

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil an prionsabal ne bis in idem, mar a ráthaítear le hAirteagal 50 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, i gcomhar le hoibleagáidí na Rómáine i leith aghaidh a thabhairt ar na tagarmharcanna a leagtar amach i gcinneadh CVM (Cinneadh 2006/928 ón gCoimisiún), le léirmhíniú amhail go gciallaítear leo maidir le cinneadh gan caingean breise a dhéanamh, arna eisiúint ag an ionchúisitheoir poiblí tar éis fianaise riachtanach a fháil sa chás, go gcuirtear cosc leis sin ionchúiseamh poiblí eile a thionscnamh i gcoinne an duine chéanna, le haghaidh na ngníomhartha céanna, cé go bhfuil aicmiú dhlíthiúil éagsúil ag baint leo, ós rud é gur cinneadh críochnaitheach atá ann – mura suitear nach bhfuil na himthosca ar a raibh an scor bunaithe ann, nó má thagann fíorais nó imthosca nua chun cinn a thaispeánann nach ann a thuilleadh do na himthosca ar a raibh an scor bunaithe?

____________