Language of document :

Caingean arna tabhairt an 4 Feabhra 2022 – An Coimisiún Eorpach v Poblacht na Seice

(Cás C-75/22)

Teanga an cháis: an tSeicis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Armati, M. Mataija, M. Salyková, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Seice

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú, trí mhainneachtain Airteagal 3(1)(g) agus (h), Airteagal 6(b), Airteagal 7(3), Airteagal 21(6), Airteagal 31(3), Airteagal 45(2)(c), Airteagal 45(2)(f) agus, go páirteach, Airteagal 45(2)(e), Airteagal 45(3), Airteagal 50(1) i gcomhar le pointe 1(d) agus (e) d’Iarscríbhinn VII agus Airteagal 51(1) de Threoir 2005/36/CE1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla a aithint, arna leasú le Treoir 2013/55/AE2 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a chur chun feidhme i gceart, theip ar Phoblacht na Seice a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi na forálacha sin den Treoir

a ordú do Phoblacht na Seice na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Airteagal 3(1)(g) agus (h) – Maíonn an Coimisiún gur theip ar Phoblacht na Seice an oibleagáid maidir le stádas dlíthiúil a shocrú do dhaoine atá ag dul faoi thréimhsí cleachtais faoi mhaoirseacht agus daoine atá ag ullmhú do thriail inniúlachta atá sna forálacha sin den Treoir a chur chun feidhme.

Airteagal 6(b) – Maíonn an Coimisiún gur theip ar Phoblacht na Seice soláthróirí seirbhísí a dhíolmhú ó chlárú le comhlacht slándála sóisialta poiblí Bhallstáit óstaigh chun cuntais a ghlanadh le hárachóir a bhaineann le gníomhaíochtaí a shaothraítear ar mhaithe le daoine árachaithe.

Airteagal 7(3) – Is é tuairim an Choimisiúin nár cuireadh an fhoráil seo den Treoir chun feidhme go soiléir, lena gcuirtear ar chumas ailtirí agus tréidlianna úsáid a bhaint as teideal gairmiúil na mBallstát óstacha, sa mhéid go bhfuil siad ina hailtirí agus tréidlianna.

Airteagal 21(6) agus Airteagal 31(3) – Áitíonn an Coimisiún gur theip ar Phoblacht na Seice na forálacha sin a bhaineann le hoiliúint ghairmiúil altraí atá freagrach as cúram ginearálta i ndáil le gairm an altranais ghinearálta a chur chun feidhme i gceart.

Airteagal 45(2)(c), Airteagal 45(2)(f) agus, go páirteach, Airteagal 45(2)(e) – Maíonn an Coimisiún gur chuir Poblacht na Seice an fhoráil sin den Treoir chun feidhme go mícheart, ós rud é nár áiritheoidh sé rochtain ag cógaiseoirí ar na gníomhaíochtaí a áirítear sna forálacha sin.

Airteagal 45(3) – Is é tuairim an Choimisiúin gur chuir Poblacht na Seice an fhoráil sin den Treoir chun feidhme go mícheart ós rud é nár áiritheoidh sé rochtain ag cógaiseoirí a bhfuil cáilíocht ghairmiúil faighte acu i mBallstát eile ar íosmhéid gníomhaíochtaí, agus féadfar an cur chuige sin a bheith ag brath ar thaithí ghairmiúil bhreise amháin.

Airteagal 50(1) i gcomhar le hIarscríbhinn VII, pointe 1(d) agus (e) – Is é tuairim an Choimisiúin nach bhfuil an fhoráil sin den Treoir curtha chun feidhme i gceart ós rud é nach bhfuil foráil déanta ag Poblacht na Seice gur dhá mhí a bheidh mar theorainn ama chun na doiciméid a éilítear ón mBallstát baile a sholáthar.

Airteagal 51(1) – Maíonn an Coimisiún gur chuir Poblacht na Seice an fhoráil sin den Treoir chun feidhme go mícheart ar an bhforas gur theip uirthi foráil a dhéanamh gur mí amháin atá mar theorainn ama chun a admháil go bhfuarthas an t-iarratas ar aitheantas cáilíochtaí gairmiúla agus chun an t-iarratasóir a chur ar an eolas maidir le haon doiciméad atá in easnamh.

____________

1 IO L 255, 30.9.2005, p. 22.

1 Treoir 2013/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013, lena leasaítear Treoir 2005/36/CE ar aithint cáilíochtaí gairmiúla agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, IO 2013 L 354, lch. 132.