Achomharc arna thabhairt an 18 Aibreán 2022 ag QI, QJ, QL, QM, QN, QP, QQ, QT, QU, QW, QX i gcoinne bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) a tugadh an 9 Feabhra 2022 i gCás T-868/16, QI agus páirtithe eile v an Coimisiún agus BCE
(Cás C-262/22 P)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóirí: QI, QJ, QL, QM, QN, QP, QQ, QT, QU, QW, QX (ionadaithe: S. Pappas, A. Pappas, avocats)
Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Chomhairle Eorpach, QK, QO, QR, QS, QV
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hAchomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:
an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal;
an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta;
a ordú do na cosantóirí a gcostais féin agus costais na nAchomharcóirí sna himeachtaí seo a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Leis an achomharc seo, iarrann na hAchomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar an mbreithiúnas faoi achomharc agus é a chur ar ceal, lena toil, ar bhonn dhá shaincheist dlí:
Ar an gcéad dul síos, is neamhleor an scrúdú arna dhéanamh ag an gCúirt Ghinearálta ar an tríú saincheist maidir le neamhdhleathacht an iarratais, lena n-éilítear sárú sách tromchúiseach ar an gceart chun maoine arna ráthú le hAirteagal 17(1) den Chairt. Dá réir sin, rinneadh an ceart ag na hAchomharcóirí chun maoine a chur chun mífheidhme agus a shárú de thoradh an scrúdaithe mhíchirt seo.
Ar an dara dul síos, sháraigh an Chúirt Ghinearálta prionsabal na comhréireachta.
____________