Iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší správní soud (Poblacht na Seice) a taisceadh an 19 Meán Fómhair 2023 – Česká republika – Generální finanční ředitelství v Úřad pro ochranu hospodářské soutěže
(Cás C-578/23, Česká republika – Generální finanční ředitelství)
Teanga an cháis: an tSeicis
An chúirt a rinne an tarchur
Nejvyšší správní soud
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Česká republika – Generální finanční ředitelství
Cosantóir: Úřad pro ochranu hospodářské soutěže
An cheist a tharchuirtear
D’fhonn a mheas an bhfuil an coinníoll substainteach maidir leis an nós imeachta idirbheartaithe gan fógra conartha a fhoilsiú a úsáid comhlíonta, i.e. ar chruthaigh iompar an údaráis chonarthaigh cás eisiachais de réir bhrí Airteagal 31(1)(b) de Threoir 2004/18/CE 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú, an bhfuil na himthosca dlíthiúla agus fíorasacha a bhaineann le tabhairt i gcrích conartha tosaigh as a n-eascraíonn conarthaí poiblí ina dhiaidh sin le cur san áireamh?
____________
1 IO 2004 L 134, lch. 114.