Language of document : ECLI:EU:C:2011:100

Caingean arna tabhairt an 16 Feabhra 2024 – An Coimisiún Eorpach v An Phoblacht Heilléanach

(Cás C-128/24)

Teanga an cháis: an Ghréigis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Konstantinidis agus F. Le Bot))

Cosantóir: An Phoblacht Heilléanach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt:

a dhearbhú nár chomhlíon an Phoblacht Heilléanach a cuid oibleagáidí faoi Airteagail 8(1), 15(3) agus 14(1) de Threoir 2014/89/AE toisc nár chuir sí an plean spásúil muirí le chéile faoin 31 Márta 2021 agus toisc nár sheol sí cóipeanna de chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile i dtrácht laistigh de thrí mhí ó dháta a fhoilsithe;

a ordú don Phoblacht Heilléanach na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Tugann an Coimisiún dá aire ina iarratas, i gcomhréir le hAirteagail 8(1) agus 15(3) de Threoir 2014/89/AE1 lena mbunaítear creat do phleanáil spásúil mhuirí, gur ceanglaíodh ar na Ballstáit a bpleananna spásúla muirí náisiúnta a dréachtáil faoin 31 Márta 2021. Faoi Airteagal 14(1) den Treoir, ceanglaíodh ar na Ballstáit a bpleananna spásúla muirí náisiúnta a chur in iúl don Choimisiún laistigh de thrí mhí tar éis a bhfoilsithe.

Ina iarratas, luann an Coimisiún, ina fhreagra ar an tuairim réasúnaithe, go n-admhaíonn an Phoblacht Heilléanach nár chuir sí plean spásúil muirí le chéile faoin 31 Márta 2021 agus nár sheol sí cóipeanna de chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile lena mbaineann laistigh de thrí mhí ó dháta a fhoilsithe.

____________

1 Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat do phleanáil spásúil mhuirí (IO 2014 L 257, lch. 135).