Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Eanáir 2024 – TA Towers v EUIPO – Wobben Properties (Ábhar foirgníochta)
(Cás T-201/22) 1
(Dearadh Comhphobail – Imeachtaí neamhbhailíochta – Dearadh Comhphobail cláraithe lena léirítear ábhar foirgníochta – Forais le neamhbhailíocht – Neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha cosanta – Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 – Easpa saincháilíochta – Airteagal 6 de Rialachán Uimh. 6/2002)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: TA Towers ApS (Odense, an Danmhairg) (ionadaí: L. Andersen, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Ivanauskas, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Wobben Properties GmbH (Aurich, an Ghearmáin) (ionadaithe: R. F. Böhm agus A. Ebert-Weidenfeller, Dlíodóirí)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Feabhra 2022 (Cás R 2491/2020-3) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Cuirtear an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Feabhra 2022 (Cás R 2491/2020-3) ar neamhní.
Diúltaítear don chuid eile don chaingean.
Ordaítear do EUIPO agus do Wobben Properties GmbH a gcostais féin a íoc chomh maith le, gach ceann díobh, leath de na costais arna dtabhú ag TA Towers ApS os comhair na Cúirte Ginearálta agus os comhair an Bhoird Achomhairc.
____________
1 IO C 222, 7.6.2022.