Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Eanáir 2024 – Delta Sport Handelskontor v EUIPO – Lego (Bloicín as foireann bréagáin tógála)
(Cás T-537/22) 1
(Dearadh Comhphobail – Imeachtaí neamhbhailíochta – Dearadh Comhphobail cláraithe arb ionann é agus bloicín as foireann bréagáin tógála – Foras le haghaidh neamhbhailíochta – Neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha cosanta – Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 – Tréithe chuma táirge arna fhorchur go heisiach ag a fheidhm theicniúil – Saintréithe chuma táirge nach mór a atáirgeadh ina chruth agus ina thoisí beacht chun é a úsáid in idirnascadh le táirgí eile – Dearthaí nó samhlacha atá ceaptha chun gur féidir táirgí idirmhalartaithe a chóimeáil nó a nascadh iolrach laistigh de chóras modúlach – Airteagal 8(1) go (3) de Rialachán Uimh. 6/2002)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Delta Sport Handelkontor GmbH (Hamburg, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Klawitter agus L.-E. Appel, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Ivanauskas, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Lego A/S (Billund, an Danmhairg) (ionadaithe: V. von Bomhard agus J. Fuhrmann, Dlíodóirí)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 30 Bealtaine 2022 (Cás R 1524/2021 3) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean.
2. Ordaítear do Delta Sport Handelskontor GmbH n costais a íoc.
____________
1 IO C 418, 31.10.2022.