Caingean arna tabhairt an 8 Feabhra 2024 – Lidl v EUIPO – Liquidleds Lighting (bolgáin solais LED)
(Cás T-66/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Lidl Vertriebs GmbH & Co. KG (Anzig, an Ghearmáin) (ionadaithe: T. Dolde, C. Zimmer agus M. Hawkins, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Liquidleds Lighting Corp. (Taipei, an Téaváin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Dearadh atá faoi cheist: Dearadh Comhphobail bolgáin solais LED – Dearadh Comhphobail Uimh. 3 619 881-0003
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc EUIPO an 27 Samhain 2023 i gCás R 2336/2022-3
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO agus/nó don pháirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc (ag glacadh leis go ndéanann sé idirghabháil sna himeachtaí) na costais a íoc.
Saincheist dlí
Sárú ar Airteagal 6(1)(b) i gcomhar le hAirteagal 7(2) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle.
____________