Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 11 Nollaig 2023 – UY v an Coimisiún

(Cás T-109/23) 1

(Caingean le haghaidh neamhniú – Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine – Treoir 2001/83/CE – Údarú margaíochta le haghaidh an táirge íocshláinte ‘Comirnaty – vacsaín mRNA COVID-19 (núicléisíd modhnaithe)’ – vacsaín COVID-19 – Easpa leasa in imeachtaí a thionscnamh – Easpa cúraim dhírigh – Easpa cúraim aonair – Do-ghlacthacht)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: UY (ionadaí: R. Holzeisen, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: E. Mathieu agus M. Noll-Ehlers, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí (i) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 7342 final ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2022 lena ndeonaítear údarú margaíochta le haghaidh ‘Comirnaty – tozinameran, COVID-19 mRNA vacsaín (arna mhodhnú)’, táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine, faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh C(2020) 9598 final, (ii) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 4034 final ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2021, lena leasaítear an t-údarú margaíochta coinníollach le haghaidh ‘Comirnaty – COVID-19 mRNA Vaccine (núicléisíd modified)’, táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine, arna dheonú le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 9598 final, (iii) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 9598 final ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2020, lena ndeonaítear údarú margaíochta coinníollach faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 le haghaidh vacsaín ‘Comirnaty – COVID-19 mRNA (núicléisíd -modhnaithe)’, táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine, (iv) an abairt dheireanach de mhír 2(1) de Chuid IV d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gCód Comhphobail i ndáil le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO 2001 L 311, lch. 67), agus (v) an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2009/120/CE ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2009 lena leasaítear Treoir 2001/83 maidir le táirgí íocshláinte ardteiripe (IO 2009 L 242, lch. 3) a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.    Déantar an chaingean a dhíbhe mar chaingean do-ghlactha.

2.    Ní gá a thuilleadh breithniú a dhéanamh ar iarratas Pharlaimint na hEorpa ar chead chun idirghabháil a dhéanamh.

3.    Íocfaidh UY a chostais féin agus íocfaidh sí na costais a thabhóidh an Coimisiún Eorpach.

4.    Íocfaidh an Pharlaimint a costais féin.

____________

1     IO C 155, 2.5.2023.