Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 1 Aibreán 2022 – flightright GmbH v Eurowings GmbH
(Cás C-228/22)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Amtsgericht Düsseldorf
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: flightright GmbH
Cosantóir: Eurowings GmbH
Na ceisteanna a tharchuirtear
An ann i gcónaí do thoisc urghnách de réir bhrí Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 261/20041 (an Rialachán maidir le Cearta Aerphaisinéirí) i gcás gur athrú ar leithroinnt sliotán arna déanamh ag an údarás rialaithe aerthráchta inniúil ba chúis le cealú na heitilte nó leis an moill gurb ionann agus cur ar ceal?
Má thugtar freagra diúltach ar Cheist 1, an leor, chun go gcinnfí gurb ann do thoisc urghnách faoi Airteagal 5(3) den Rialachán maidir le Cearta Aerphaisinéirí, gur laghdú ar acmhainn eitilte de dheasca aimsire ba chúis leis an athrú ar an leithroinnt sliotán, cé nár chothaigh na dálaí aimsire stop mór aerthráchta ar an iomlán?
____________
1 Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadaítear dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirtear eitiltí ar ceal nó ina bhfuil moill mhór ar eitiltí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).