Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski rayonen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 29 Eanáir 2024 – R. K. v K. Ch., D. K., E. K.

(Cás C-67/24, Amozov) 1

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski rayonen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: R. K.

Cosantóirí: K. Ch., D. K., E. K.

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil aithris 15 sa bhrollach a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 1 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus comhar in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar chásdlí náisiúnta ar dá réir a chinntear dlínse idirnáisiúnta na gcúirteanna chun iarratais ar íocaíochtaí cothabhála i leith daoine a bhfuil gnáthchónaí orthu i dtríú Stát (sa chás seo Ceanada) a éisteacht faoin dlí náisiúnta seachas faoin Rialachán?

An bhfuil Airteagal 3 agus Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 le léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc ar chásdlí náisiúnta ar dá réir nach gcumhdaítear iarratas ar laghdú ar íocaíochtaí cothabhála leis an gcoincheap ‘iarratas ar íocaíochtaí cothabhála’ agus nach bhfuil feidhm ag Airteagail 3 go 6 den Rialachán sin ach amháin maidir le hiarratais ar íocaíochtaí cothabhála a dheonú?

An bhfuil Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 le léiriú sa chaoi go gcumhdaítear le coincheap na ‘náisiúntachta coitinne’ freisin cásanna ina bhfuil dénáisiúntacht ag páirtí amháin nó níos mó, nó an gcumhdaítear leis cásanna ina bhfuil náisiúntacht iomlán chomhionann ag páirtí amháin nó níos mó?

An bhfuil Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 le léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc ar ghlacadh le ‘cás eisceachtúil’, i gcás ina ndéanann an féichiúnaí iarratas ar laghdú ar íocaíochtaí cothabhála, a bhfuil a ghnáthchónaí nó a gnáthchónaí i dtríú Stát agus nach bhfuil aon bhaint ag an gcreidiúnaí cothabhála leis an Aontas Eorpach seachas a náisiúntacht?

____________

1 Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 IO 2009 L 7, lch.1