Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Giudice di pace di Bologna (an Iodáil) a taisceadh an 14 Márta 2023 — Rialtas na hIodáile v UX

(Cás C-163/23 Palognali1 )

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Giudice di pace di Bologna

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Rialtas na hIodáile

Cosantóir: UX

Na ceisteanna a tharchuirtear

An eascróidh sárú tromchúiseach ar dhlí an Aontais le cásdlí na n-orgán uachtaracha an ghnáth-cheartais agus an cheartais riaracháin a luaitear thuas, agus go háirithe Ordú Uimh. 13973/2022 an 3 Bealtaine 2022 ón Suprema Corte di Cassazione (Cúirt Uachtarach um Achomharc, an Iodáil), lena ndiúltaítear aon cheart giúistís oinigh ar théarma shocraithe, amhail Giudice di pace sna príomhimeachtaí, a bhaineann le stádas oibrí faoi réir coinníollacha oibre atá inchomparáide leis na coinníollacha oibre atá ag breitheamh gairmiúil ar théarma éiginnte, trí chosc a chur ar dhul ar iontaoibh éifeachtach ar chosaint bhreithiúnach an dlí os comhair cúirt náisiúnta neamhspleách, agus a mhéid a mheasann an Chúirt gur sáraíodh Airteagal 31(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (...), Airteagal 7 de Threoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le heagrú ama oibre (...),1 clásail 2 agus 4 den Chomhaontú Réime maidir le hobair théarma shocraithe a tugadh chun críche an 18 Márta 1999, atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 [...],2 mar a léirigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina breithiúnas an 16 Iúil 2020, Rialtas Phoblacht na hIodáile (Stádas Bhreithimh na Síochána na hIodáile), C 658/18-, [UX] EU:C:2020:572 (...), agus breithiúnas an 7 Aibreán 2022, [PG], 236/20, EU:C:2022:263 (...), agus an chéad mhír agus an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt?

An gcuirtear cosc le hAirteagal 31(2) den Chairt, Airteagal 7 de Threoir 2003/88/CE, Clásail 2 agus 4 den den Chomhaontú Réime maidir le hobair théarma shocraithe arna trasuí le Treoir 1999/70/CE, mar a léirigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina breithiúnais in UX agus in PG, agus sa chéad mhír agus sa dara mír d’Airteagal 47 den Chairt, ar reachtaíocht náisiúnta, amhail Airteagal 29(5) de [Foraithne Reachtach] Uimh. 116/2017, a tugadh isteach le hAirteagal 1 (629) de Dhlí Uimh. 234/2021, a mhéid a fhoráiltear leis an bhforáil náisiúnta maidir le haon éileamh a eascraíonn as dlí an Aontais a tharscaoileadh go huathoibríoch, trí oibriú an dlí, agus, sa chás sna príomhimeachtaí, ceart an iarratasóra chun saoire le pá a tharscaoileadh, i gcás ina ndéanfaidh an iarratasóir iarratas ar an nós imeachta iomaíochta chun post buan a bhunú go dtí 70 bliain d’aois, i gcaidreamh fostaíochta leis an Aireacht Dlí agus Cirt maidir le coinníollacha luacha saothair oifigigh riaracháin i gcáil bhreithiúnach, agus maidir le nós imeachta na hiomaíochta a chur i gcrích go rathúil?

An bhfuil sé i gcomhréir leis an treoir a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sna breithiúnais in UX agus in PG maidir leis an rogha atá beartaithe ag an gcúirt a rinne an tarchur, a luaithe a dhéanfaidh na fíoruithe uile a cuireadh de chúram ar an gcúirt náisiúnta le cásdlí thuasluaite na Cúirte Breithiúnais a bhaineann le hinchomparáideacht na gcoinníollacha oibre idir an iarratasóir agus an gnáthghiúistís ar théarma éiginnte maidir le ceart an iarratasóra chun cúitimh i leith damáistí as neamhíoc na tréimhse saoire, iarratas a dhéanamh mar pharaiméadar chun damáistí a ríomh is iníoctha don ghnáthghiúistís gairmiúil HH03, agus urraim á tabhairt d’éagsúlacht na nósanna imeachta earcaíochta idir giúistísí oinigh agus breithiúna gairmiúla de théarma éiginnte, an ceart chun dul chun cinn eacnamaíoch agus gairmiúil trí cháilíochtaí níos airde a fhorchoimeád dóibh siúd amháin (an gnáthghiúistís) agus ní amháin trí shinsearacht i dtéarmaí aicmí agus céimeanna tuarastail.

Ar deireadh, an gcuirtear cosc le hAirteagal 47 den Chairt agus na coinníollacha maidir le neamhspleáchas breithiúnach atá leagtha amach ag an gCúirt Bhreithiúnais i mír 45 go mír 49 den bhreithiúnas in UX ar reachtaíocht náisiúnta, amhail Airteagal 21 de [Foraithne Reachtach] Uimh. 116/2017, lena bhforáiltear go bhféadfaí beart díbhe na hoifige breithiúnaí a chur i bhfeidhm maidir leis an gcúirt a rinne an tarchur sin, atá go hiomlán faoi rogha Ardchomhairle Bhreithiúnach agus Ionchúiseach, gan aon chéimniú ar phionóis araíonachta, fiú má tá sé ar intinn ag an gcúirt náisiúnta sin cásdlí na Cúirte Breithiúnais a chur i bhfeidhm sna príomhimeachtaí, contrártha leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcás sna príomhimeachtaí agus le cásdlí na gcomhlachtaí breithiúnacha uachtaracha gnáthbhreithiúnacha agus ceartais riaracháin dá dtagraítear thuas?

____________

1     Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1     IO 2003 L 299, lch. 9.

1     Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 maidir leis an gComhaontú Réime maidir le hobair théarma shocraithe a thug CES, UNICE agus CEEP i gcrích (IO 1999 L 175, lch. 43).