Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal da Relação de Lisboa (an Phortaingéil) a taisceadh an 26 Deireadh Fómhair 2023 — Agenciart Management Artístico, Sociedade Unipessoal, Lda. v CT

(Cás C-643/23, Agenciart Management Artístico)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal da Relação de Lisboa

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: — Agenciart Management Artístico, Sociedade Unipessoal, Lda.

Cosantóir: CT

An cheist a tharchuirtear:

An gcaithfear a mheas gur ‘gnóthas’, de réir bhrí agus chun na gcríoch a leagtar amach in aithris 5 agus in Airteagal 2(3) de Threoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 1 , duine nádúrtha a bhíonn ag gabháil de ghnáth do ghairm an aisteora fhéinfhostaithe ar mhaithe le luach saothair airgeadais a fháil, fiú mura bhfuil struchtúr eagraithe acmhainní aige (sa mhéid nach ndéanann sé ach an ghníomhaíocht sin gan a áitreabh, a fhoireann, a uirlisí ná a threalamh féin a bhaineann lena ghníomhaíocht ghairmiúil)?

____________

1 Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (IO 2011 L 48, lch. 1).