Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón College van Beroep voor het bedrijfsleven (an Ísiltír) an 29 Lúnasa 2023 – American Express Europe SA, American Express Carte France SA, Visa Europe Ltd, MasterCard Europe SA, Autoriteit Consument en Markt, Koninklijke Luchtvaart Maatschappij NV, páirtí eile: International Card Services BV

(Cás C-549/23, American Express Europe agus páirtithe eile)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

College van Beroep voor het bedrijfsleven

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: American Express Europe SA, American Express Carte France SA, Visa Europe Ltd, MasterCard Europe SA, Autoriteit Consument en Markt, Koninklijke Luchtvaart Maatschappij NV

Páirtí eile: International Card Services BV

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 2(11) de Rialachán (AE) 2015/751 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe (“an Rialachán”) a léiriú, chun críocha chur i bhfeidhm rialacha substainteacha an Rialacháin, sa chaoi go gcaithfear a mheas gur glanchúiteamh é glanmhéid iomlán na n-íocaíochtaí, na lacáistí nó na ndreasachtaí a fhaigheann páirtí comhbhrandála i scéim íocaíochta cárta trí pháirtí i dtaca le hidirbhearta cártabhunaithe nó gníomhaíochtaí gaolmhara, fiú mura eisitheoir é an páirtí comhbhrandála féin?

An gcaithfear Airteagal 4 den Rialachán, arna léamh i gcomhar leis an dara habairt d’Airteagal 2(10) a léamh sa chaoi go dtagann an glanchúiteamh go díreach faoi raon feidhme Airteagal 4?

An gcaithfear Airteagal 5 den Rialachán a léiriú sa chaoi go gcuimsíonn sé luach saothair, lena n-áirítear cúiteamh glan a fuair páirtí comhbhrandála ón scéim cártaí íocaíochta i gcás nach eisitheoir é an páirtí comhbhrandála?

a.    An gcaithfear Airteagal 5 den Rialachán a léiriú sa chaoi go bhfuil an cuspóir céanna ag luach saothair, lena n-áirítear glanchúiteamh arna fháil ag páirtí comhbhrandála i ndáil le hidirbhearta íocaíochta nó gníomhaíochtaí gaolmhara agus atá ag táille idirmhalarthaithe má tá sé beartaithe leis an luach saothair sin gnó na scéime cárta íocaíochta a fhairsingiú?

b.    An gcaithfear Airteagal 5 den Rialachán a léiriú sa chaoi go bhfuil an éifeacht chéanna ag luach saothair, lena n-áirítear glanchúiteamh, arna fháil ag páirtí comhbhrandála i ndáil le hidirbhearta íocaíochta nó gníomhaíochtaí gaolmhara agus atá ag táille idirmhalarthaithe má tá sé d’éifeacht ag an luach saothair sin gnó na scéime cárta íocaíochta a fhairsingiú?

c.    Más freagra diúltach a thabharfar ar na ceisteanna sin, cad iad na critéir agus/nó na fachtóirí ba chóir a chur san áireamh chun a mheas an bhfuil an cuspóir céanna nó an éifeacht chéanna ag luach saothair, lena n-áirítear luach saothair glan arna fháil ag páirtí comhbhrandála i dtaca le hidirbhearta íocaíochta nó gníomhaíochtaí gaolmhara, agus atá ag táille idirmhlartaithe?

An gcaithfear Airteagal 5 den Rialachán a léiriú sa chaoi nach mór a mheas go bhfuil luach saothair mar chuid den táille idirmhalartaithe cheana chun críoch chur i bhfeidhm Airteagal 4 den Rialachán, i gcás ina bhfuil an cuspóir céanna ag an luach saothair agus atá ag an táille idirmhalartaithe?

An gcaithfear Airteagal 2(11) den Rialachán a léiriú sa chaoi gur féidir muirear seirbhíse ceannaí arna íoc ag páirtí comhbhrandála le scéim cárta íocaíochta trí pháirtí a dhealú ó na híocaíochtaí, na lascainí nó na dreasachtaí arna bhfáil ag an bpáirtí comhbhrandála ón scéim cárta íocaíochta i dtaca le hidirbhearta cártabhunaithe nó gníomhaíochtaí gaolmhara?

a.    An gcaithfear Airteagal 2(11) den Rialachán a léiriú sa chaoi gur féidir a dhealú ón méid iomlán a fuair an páirtí comhbhrandála ón scéim cárta íocaíochta ní hamháin cúiteamh airgid a fháil ón bpáirtí comhbhrandála ach freisin costais nó comaoin eacnamaíoch ar sheirbhís arna soláthar ag páirtí comhbhrandála?

b.    Más freagra dearfach a thabharfar ar an gceist sin, cad iad na critéir is cóir a chur san áireamh chun an luach sin a ríomh?

____________

1     IO 2015 L 123, lch. 1.