Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – The Mochi Ice Cream Company v EUIPO (my mochi)
(Cás T-189/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach – Marc fíortha mo mochi – Dearbhfhoras le diúltú – Easpa saincháilíochta – Mana cur chun cinn – Airteagal 7(1)(b) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: The Mochi Ice Cream Company LLC (Vernon, California, na Stáit Aontaithe) (ionadaí: A. Zalewska-Orabona, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Ivanauskas, Gníomhaire)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 30 Eanáir 2023 (Cás R 1684/2022-2) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C 189, 30.5.2023.