Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Campofrio Food Group v EUIPO – Cerioti Holding (SNACK MI)
(Cás T-736/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh SNACK MI – Marcanna fíortha náisiúnta níos luaithe CAMPOFRIO SNACK’IN – Forais choibhneasta le diúltiú – Easpa riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Gan aon damáiste don chlú – Airteagal 8(5) de Rialachán 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Campofrio Food Group, SA (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: J. Erdozain López, M. Del Río Aragó, E. Seijo Veiguela agus J. Vicente Martínez, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: C. Bovar, E. Markakis agus V. Ruzek, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhord Achomhairc EUIPO: Cerioti Holding SA (Lucsamburg, Lucsamburg)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 10 Lúnasa 2022 (Cás R 59/2022-2) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean.
2. Ordaítear do Campofrio Food Group, SA na costais a íoc.
____________
1 IO C 24, 23.1.2023.