Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Abramovich v an Chomhairle

(Cás T-313/22)1

(Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna ndéanamh i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo cistí – Liosta de na daoine, de na heintitis agus de na comhlachtaí lena mbaineann reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha – Srianta ar chead isteach ar chríoch na mBallstát – Liosta de na daoine, de na heintitis agus de na comhlachtaí atá faoi réir srianta ar chead isteach ar chríoch na mBallstát – Clárú agus coinneáil ainm an iarratasóra ar na liostaí – An coincheap ‘príomhdhuine gnó’ – Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES – Oibleagáid cúiseanna a lua – Cearta na cosanta – Earráid mheasúnaithe – Comhréireacht – Comhionannas cóireála – An ceart chun maoine – Saoirse chun gnó a sheoladh – An ceart chun príobháideachta – Cur i bhfeidhm na srianta ar ligean isteach do náisiúnach de chuid Ballstáit – Saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais Eorpaigh)

Teanga an nós imeachta: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Roman Arkadyevich Abramovich (Nemchinovo, an Rúis) (ionadaithe: T. Bontinck, A. Guillerme, S. Bonifassi, M. Brésart, L. Burguin, J. Goffin, J. Bastien, R. Lööf, Dlíodóirí, agus C. Zatschler Abhcóide Sinsir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Bishop agus M.-C. Cadilhac, Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J.-F. Brakeland, C. Giolito, L. Puccio agus M. Carpus Carcea, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, sa chéad áit, go gcuirfí ar neamhní, ar an gcéad dul síos, Cinneadh (CBES) 2022/429 ón gComhairle an 15 Márta 2022, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 87 I, lch. 44), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/427 ón gComhairle an 15 Márta 2022, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 87 I, lch. 1), sa dara háit, Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 149), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 1), agus sa tríú háit, Cinneadh (CBES) 2023/572 ón gComhairle an 13 Márta 2023, 13 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’ iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 75). I, lch. 134), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 ón gComhairle an 13 Márta 2023 ena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 75 I, lch. 1), agus, sa cheathrú háit, Cinneadh (CBES) 2023/811 ón gComhairle an 13 Aibreán 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 101, lch. 67) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/806 ón gComhairle an 13 Aibreán 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 101, lch. 1), a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis, agus, ar an taobh eile, de bhun Airteagal 268 CFAE, cúiteamh ar an damáiste a mhaíonn sé a bheith fulaingthe aige tar éis ghlacadh na ngníomhartha tosaigh.

An chuid oibríochtúil

Díbhtear an chaingean;

Ordaítear do Roman Arkadyevich Abramovich a chostais féin a íoc agus na costais arna dtabhú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh a íoc.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 266, 11.7.2022.