Language of document :

Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 5 Eanáir 2024 – Meucci v an Pharlaimint agus SEGS

(Cás T-1123/23 R) 

(Faoiseamh eatramhach – Státseirbhís – Oifigigh – Scor – Diúltú d’iarratas chun fanacht i mbun seirbhíse tar éis na haoise scoir – Iarratas ar bhearta eatramhacha – Easpa práinne)

Teanga an cháis : an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Paolo Meucci (Addis-Abeba, an Aetóip) (ionadaithe: L. Levi agus A. Champetier, Dlíodóirí)

Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: S. Seyr agus R. Schiano, Gníomhairí), an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (ionadaithe: R. Coesme agus S. Falek, Gníomhairí)

Ábhar

Lena iarratas bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go ndéanfaí cur chun feidhme chinntí Pharlaimint na hEorpa an 24 Deireadh Fómhair 2023 lena n-údaraítear dó fanacht i mbun seirbhíse dtí an 30 Samhain 2023 agus lena n-údaraítear a iasacht go dtí an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) go dtí an dáta céanna sin agus cinneadh an 9 Samhain 2023 ón bParlaimint lena gcuirfear é ar ais ina cuid seirbhísí agus go gcuirfear ar scoir é ón 30 Samhain 2023 agus cinneadh SEGS an 13 Samhain 2023 lena bhfoirceanntar a iasacht go dtí an Rannóg Polaitíochta, Forannóg Gnóthaí Parlaiminte, den toscaireacht chuig an Aontas Afracach an 30 Samhain 2023 a chur ar fionraí agus, ar an dara dul síos, an síneadh lena údarú oibre go dtí an 31 Lúnasa 2024 sa Rannóg Polaitíochta, Forannóg Gnóthaí Parlaiminte den toscaireacht sin agus, más gá, urghaire a dhéanamh leis an bParlaimint chun é a thabhairt ar iascacht go dtí SEGS agus le SEGS chun é a cheapadh go dtí an Rannóg Polaitíochta, Forannóg Gnóthaí Parlaiminte, den toscaireacht sin.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.

Cuirtear ordú an 1 Nollaig 2020, Paolo Meucci v an Pharlaimint agus SEGS (T-1123/23, nár foilsíodh) ar ceal.

Forchoimeádtar na costais.

____________