Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Heßler v an Coimisiún

(Cás T-369/22) 1

(Státseirbhís – Oifigigh – Luach saothair – Cáin chun tairbhe an Aontais Eorpaigh – Lacáiste cánach – Airteagal 3(4) de Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68 – Lacáiste do leanbh cleithiúnach – Coinníollacha deonaithe – An coincheap ‘leanbh cleithiúnach’ – Airteagal 2 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne – Éileamh ar neamhniú – Mainneachtain maidir leis an nós imeachta réamhdhlíthíochta a leanúint – Neamh-inghlacthacht pháirteach – Dlínse gan teorainn)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Michael Heßler (Mannebach, an Ghearmáin) (ionadaí: I. Steuer, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: T. Bohr agus M. Brauhoff, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go bunúsach, go ndéanfaí cinntí an Choimisiúin Eorpaigh lena ndiúltaítear dá iarrataí ar lacáiste cánach do gach ceann dá bheirt iníonacha a chur ar neamhní agus, ar an dara dul síos, a ordú go ndeonóidh an Coimisiún dó, le héifeacht chúlghabhálach ón 1 Lúnasa 2021 agus fad a chomhlíonfar na coinníollacha, an lacáiste cánach atá i gceist agus a ordú go n-íocfaidh an Coimisiún ús ar na suimeanna nár íocadh.

An chuid oibríochtúil den bhreithiúnas

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do Michael Heßler agus don Choimisiún Eorpach a gcostais féin a íoc.

____________

1 IO C 326, 29.8.2022.