Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Feed v EUIPO – The Feed.com
(THE FEED)
(Cás T-27/32) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Nós imeachta um chúlghairm – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘THE FEED’ – Fíorúsáid an trádmhairc – Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Feed SA (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: V. Bouchara agus A. Maier, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Pétrequin agus V. Ruzek, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: The Feed.com, Inc. (Broomfield, Colorado, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: J. Lacker, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Samhain 2022 (Cás R 1905/2021-5) ar neamhní go páirteach.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean.
2. Ordaítear do Feed SA na costais a íoc.
____________
1 IO C 94, 13.3.2023.