Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Cour d’appel de Versailles (an Fhrainc) a taisceadh an 9 Samhain 2023 – Caisse d’allocations familiales des Hauts-de-Seine v TX

(Cás C-664/23, Caisse d’allocations familiales des Hauts-de-Seine)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour d’appel de Versailles

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Caisse d’allocations familiales des Hauts-de-Seine

Cosantóir: TX

An cheist a tharchuirtear

Tar éis an bhreithiúnais in INPS v WS an 25 Samhain 2020 (Cás C-302/19), an gcaithfidh Airteagal 12(1)(e) de Threoir 2011/98/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le nós imeachta um iarratas aonair a leagan síos maidir le cead aonair a eisiúint do náisiúnaigh tríú tír chun obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus tacar coiteann de chearta d’oibrithe tríú tír atá ina gcónaí go dleathach i mBallstát, a léiriú sa dóigh go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht Ballstáit, amhail an Fhrainc, lena dtoirmeasctar, chun críocha teidlíocht ar shochar slándála sóisialta a chinneadh, leanaí shealbhóir an cheada aonair, a rugadh i dtríú tír, a chur san áireamh, de réir bhrí Airteagal 2(c) den Treoir sin, i gcás nár tháinig na leanaí sin, atá ag brath ar shealbhóir ceada amháin, isteach i gcríoch an Bhallstáit chun críche athaontú teaghlaigh, nó i gcás nár táirgeadh doiciméid chun a chruthú gur tháinig siad isteach i gcríoch an Stáit sin go dleathach, ós rud é nach bhfuil feidhm ag an gcoinníoll sin maidir le leanaí faighteoirí sochair náisiúnta nó atá ina náisiúnaigh de Bhallstát eile?

____________