Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 31 Eanáir 2024 – Simpson Performance Products v EUIPO – Freundlieb (BANDIT)

(Cás T-173/23) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Imeachtaí freasúra Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘BANDIT’ Focalmharc neamhchláraithe BANDIT níos luaithe Foras coibhneasta le diúltú Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2017/1001 Airteagal 2(2)(g) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 Sainaithint na n-earraí agus na seirbhísí ar a bhfuil an freasúra bunaithe)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Simpson Performance Products, Inc. (New Braunfels, Texas, na Stáit Aontaithe) (ionadaí: J. Götz, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Nicolás Gómez, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Andreas Freundlieb (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaí: J. Vogtmeier, Dlíodóir)

Maidir le:

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 19 Eanáir 2023 (Cás R 784/2022-2) a chur ar neamhní nó a athrú.

An chuid oibríochtúil

Cuirtear cinneadh an Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 19 Eanáir 2023 (Cás R 784/2022-2) ar neamhní.

Diúltaítear don chuid eile don chaingean.

Ordaítear do EUIPO a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Simpson Performance Products, Inc. a íoc.

Ordaítear do Andreas Freundlieb a chostais féin a íoc.

____________

1 IO C 179, 22.5.2023.