Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Feabhra 2024 – Sber v BCE

(Cásanna T-647/21 agus T-99/22)1

(Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa – An dara fomhír d’Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 – Cur i bhfeidhm leasa ionsúcháin ag BCE faoi dhlí na hOstaire i gcás sárú ar Airteagal 395 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus tar éis cinneadh lena bhforchuirtear pionós riaracháin airgid faoi Airteagal 18 de Rialachán Uimh.. 1024/2013 – Comhréireacht)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: SBER Vermögensverwaltungs AG, ar a dtugtaí Sberbank Europe AG (Vín, an Ostair) (ionadaí: M. Fellner, Dlíodóir)

Cosantóir: an Banc Ceannais Eorpach (ionadaithe: K. Lackhoff, J. Poscia agus M. Ioannidis, Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht na hOstaire (ionadaithe: Schmoll, F. Koppensteiner agus A. Posch, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingne de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinntí BCE-SSM-2021-ATSBE-7 an 2 Lúnasa 2021 agus BCE SSM-2021-ATSBE-12 an 21 Nollaig 2021 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE), faoi seach a chur ar neamhní. Rinneadh an dá Chinneadh sin de bhun Airteagal 4(1)(d) agus (3) agus Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha do BCE maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO 2013 L 287, lch. 63), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 395(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO 2013 L 176, lch. 1, agus ceartúcháin IO 2013 L 208, lch. 68, agus IO 2013 L 321, lch. 6) agus Airteagal 97(1)(2) den Bundesgesetz über das Bankwesen (Bankwesengesetz) (an Dlí maidir le hearnáil na baincéireachta) an 30 Iúil 1993 (BGBl. 532/1993), arna leasú ag an Bundesgesetz, mit dem das Bankwesengesetz, das Börsegesetz 2018, das Finalitätsgesetz, das Finanzmarkt-Geldwäsche-Gesetz, das Sanierungs- und Abwicklungsgesetz, das Wertpapieraufsichtgesetz 2018 und das Zentrale Gegenparteien-Vollzugsgesetz geändert werden (an Dlí Cónaidhme lena leasaítear an tAcht Baincéireachta; an Dlí maidir le stocmhalartáin 2018, an Dlí maidir leis an gcuspóir, an Dlí maidir le sciúradh airgid sna margaí airgeadais, an Dlí maidir le hatheagrú agus foirceannadh, an Dlí maidir le maoirseacht urrús 2018 agus an Dlí maidir le forfheidhmiú contrapháirtithe lárnacha) an 28 Bealtaine 2021 (BGBl. I, 98/2021).

An chuid oibríochtúil

Déantar Cásanna T-647/21 agus T-99/22 a uamadh chun críocha an bhreithiúnais.

Ní gá a thuilleadh breithniú a dhéanamh ar Chás T-647/21;

I gcás T-99/22, déantar Cinneadh ECB-SSM-2021-ATSBE-12 an 21 Nollaig 2021 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) a chur ar neamhní.

Ordaítear do BCE a chostais féin a íoc agus na costais a thabhaíonn Sber Vermögensverwaltungs AG a íoc;

Ordaítear do Phoblacht na hOstaire a costais féin a íoc.

____________

1     IO C 481, 29.11.2021.