Caingean arna tabhairt an 4 Eanáir 2024 – Mezzaroma v an Pharlaimint
(Cás T-2/24)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Roberto Mezzaroma (an Róimh, an Iodáil) (ionadaí: M. Merola, Dlíodóir)
Cosantóir: Parlaimint na hEorpa
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh lenar dhiúltaigh Biúró Pharlaimint na hEorpa do cheart an iarratasóra méadú ar a phinsean a fháil ar chúiseanna sláinte a chur ar neamhní ina iomláine; agus
a ordú do Pharlaimint na hEorpa costais na n-imeachtaí a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear gur sáraíodh prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, go háirithe prionsabal an chomhionannais agus na córa comhionainne agus an prionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint;
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear gur sáraíodh ceanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta trí mhainneachtain cúiseanna a lua agus sárú iarmhartach ar Airteagal 41(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
____________