Language of document :

Caingean arna tabhairt an 21 Nollaig 2023 – Antimo Caputo v EUIPO – Barbato (NuvolaSuper)

(Cás T-1178/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Antimo Caputo Srl (Napoli, an Iodáil) (ionadaí: F. Musella, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Pasquale Barbato (Villanova De Bellis (MN), an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar thrádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘NuvolaSuper’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 362 145

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 17 Deireadh Fómhair 2023 i gCás R 2068/2022-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

freasúra Uimh. B 3 145 038 a dhiúltú ina iomláine;

mar mhalairt air sin, an cás a tharchur ar ais chuig an mBord Achomhairc lena athbhreithniú;

a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile sna himeachtaí na costais a íoc ag an gcéad chéim agus ar achomharc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________