Language of document :

Caingean arna tabhairt an 30 Nollaig 2023 – APC Europe agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-1194/23)

Teanga an cháis: Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóirí: Apc Europe SL (Granollers, an Spáinn) agus 9 n-iarratasóir eile (ionadaithe: M. Moretto, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

    

an cinneadh, atá sa litir a shínigh Ard-Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta um Shláinte agus Sábháilteacht Bia agus a fuair na hiarratasóirí an 24 Deireadh Fómhair 2023, lenar dhiúltaigh an Coimisiún Eorpach don iarraidh ar athbhreithniú a neamhniú, i bhfianaise na staide nua a cruthaíodh san Aontas Eorpach mar gheall ar imeacht suntasach Einceifileapaite Spúinseach Bhólachta (ESB), an toirmeasc reatha ar úsáid fola agus táirgí fola de bhunadh bó-ainmhithe sa chóras beatha le haghaidh ainmhithe dobharshaothraithe, agus dréachtbhearta a chur isteach chun a n-úsáid a cheadú, mar a d’iarr na hiarratasóirí i litir dar dáta an 28 Lúnasa 2023; agus

—    a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagail 7, 23 agus 24 de Rialachán Uimh. 999/20011 , Airteagail 7(2) agus 5(3) de Rialachán Uimh. 178/2002 2 . Earráidí follasacha measúnaithe a rinne an Coimisiún. Sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin agus ar Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

I ndáil leis sin, trína gcéad shaincheist, maíonn na hiarratasóirí, trí dhiúltú, leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, athbhreithniú a dhéanamh ar an toirmeasc ar úsáid táirgí fola de bhunadh bó-ainmhithe mar chuid d’aiste bia ainmhithe dobharshaothraithe agus dréachtbhearta a chur faoi bhráid an Choiste chun a n-úsáid a cheadú, i gcás inarb iomchuí faoi réir forchur coinníollacha sonracha atá le comhlíonadh, gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 7, Airteagal 23 agus Airteagal 24 de Rialachán Uimh. 999/2001, Airteagal 7(2) agus Airteagal 5(3) de Rialachán Uimh. 178/2002, agus rinne sé earráidí follasacha measúnaithe, agus sháraigh sé freisin prionsabal an dea-riaracháin agus Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

In éagmais cásanna ESB chlasaiceach san Aontas ar feadh níos mó ná sé bliana, stádas na mBallstát mar thíortha lena mbaineann riosca diomaibhseach ESB, na caighdeáin idirnáisiúnta arna nglacadh ag an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH) agus na sonraí nua a bailíodh ón meastóireacht dheireanach a rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) in 2007, mar aon le roinnt gnéithe ábhartha eile, ar thug an Coimisiún neamhaird orthu, léirítear gur féidir an riosca a theorannú anois le bearta nach bhfuil chomh dian leis an gcosc iomlán atá ann faoi láthair ar úsáid.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus ar Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 178/2002.

Leis an dara saincheist, maíonn na hiarratasóirí, i bhfianaise an fheabhais radacaigh ar an staid eipidéimeolaíoch san Aontas Eorpach, gur sáraítear prionsabal na comhréireachta agus an dara habairt d’Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 178/2002, arna léamh i bhfianaise an chásdlí agus aithrisí 17 agus 66 den Rialachán sin, an diúltú ón gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an dearbhtoirmeasc ar úsáid táirgí fola de bhunadh bó-ainmhithe i mbeatha d’ainmhithe dobharshaothraithe atá sa chinneadh atá faoi chonspóid.

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha chun einceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (IO 2001 L 147, lch. 1).

1 Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO 2002 L 31, lch. 1).