Achomharc arna thabhairt an 13 Meitheamh 2022 ag Koninklijke Luchtvaart Maatschappij NV i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra méadaithe) a tugadh an 30 Márta 2022 i gCás T-325/17 , Koninklijke Luchtvaart Maatschappij v an Coimisiún
(Cás C-385/22 P)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: Koninklijke Luchtvaart Maatschappij NV (ionadaithe: R. Wesseling agus F. Brouwer, advocaten)
Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarann an t-achomharcóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an breithiúnas atá faoi achomharc a neamhniú, a mhéid a dhearbhaítear leis go bhfuil feidhm ag Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 den Chomhaontú LEE ar sheirbhisí aerlasta isteach ar bhealaí tríú tíortha LEE;
Cinneadh C(2017) 1742 final ón gCoimisiún an 17 Márta 2017 maidir le himeacht de bhun Airteagal 101 CFAE, Airteagal 53 de Chomhaontú LEE agus Airteagal 8 den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le Aeriompar (Cás AT.39258 – Airfreight) (an Cinneadh) a neamhniú ina iomláine; nó
de rogha air sin, an Cinneadh a neamhniú i bpáirt, a mhéid a dhearbhaítear leis gur sháraigh an t-achomharcóir Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 den Chomhaontú LEE maidir le seirbhisí aerlasta isteach ar bhealaí tríú tíortha LEE; agus
ar aon chaoi, a ordú don Choimisiún na costais ina n-iomláine a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú ag an iarratasóir os comhair na Cúirte.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-achomharcóir an tsaincheist dlí a leanas:
Rinne an Chúirt Ghinearálta neart earráidí dlí agus rinne sí an oibleagáid chun cúiseanna a lua a shárú trína conclúid go dtagann seirbhísí lasta ar an mbealach isteach faoi raon feidhme Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 den Chomhaontú LEE.
An chéad chuid: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, sháraigh sí an oibleagáid chun cúiseanna a lua agus sháraigh sí Airteagal 101 CFAE trína chonclúid go raibh éifeachtaí ábhartha seirbhisí lasta ar an mbealach isteach éifeachtaí ábhartha i LEE.
An dara cuid: Rinne an Chúirt Ghinearálta a hoibleagáid chun cúiseanna a lua a shárú, rinne sí earráid dlí agus sháraigh sí Airteagal 101 CFAE trína chonclúid gur chruthaigh seirbhisí lasta isteach na héifeachtaí dealraitheacha in LEE.
An triú cuid: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí bheith ag brath ar argóintí agus ar fhianaise nár chuir an Coimisiún chun in iúl.
An ceathrú cuid: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus rinne sí Airteagal 101 CFAE a shárú trína chonclúid go bhfuil dlínse an Choimisiúin ar iompar lasmuigh de LEE inleathnaithe toisc an sárú leanúnach amháin.
____________