Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Szegedi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 6 Meán Fómhair 2023 — SPAR Magyarország Kft v Bács-Kiskun Vármegyei Kormányhivatal

(Cás C-557/23, SPAR Magyarország)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Szegedi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: SPAR Magyarország Kft.

Cosantóir: Bács-Kiskun Vármegyei Kormányhivatal

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 83(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle 1 (“an Rialachán maidir le CEM”) le léiriú ar chaoi go gcuirtear cosc leis ar bheart náisiúnta amhail an beart atá i gceist sna príomhimeachtaí, lena gceanglaítear ar thrádálaithe, faoi réir staid éigeandála, roinnt táirgí talmhaíochta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le CEM a thairiscint lena ndíol ar phraghas socraithe formheasta i gcainníochtaí nach gcinntear ar bhonn na meánchainníochtaí laethúla a d’urscaoil an trádálaí an bhliain tagartha ach ar bhonn na meánchainníochtaí laethúla a bhí i seilbh an trádálaí sa stoc sa bhliain tagartha?

An bhfuil Airteagal 90a(3) de Rialachán CEM le léiriú ar chaoi go gcuirtear cosc leis ar bheart náisiúnta, amhail an beart atá i gceist sna príomhimeachtaí, lena gceanglaítear fíneáil a fhorchur ar bhonn éigeantach freisin i gcás ina ndearna an trádálaí, ar an lá a dhéantar an tseiceáil, roinnt táirgí talmhaíochta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le CEM a thairiscint lena ndíol i gcainníochtaí atá ar chóimhéid leis na meánchainníochtaí laethúla a sheol sé sa bhliain tagartha agus i gcás ina bhfuil na táirgí sin ar fáil do thomhaltóirí?

____________

1 IO 2013 L 347, lch. 671.