Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 29 Lúnasa 2023 ag Frédéric Baldan i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a fógraíodh an 20 Iúil 2023 i gCás T-276/23, Frédéric Baldan v an Coimisiún Eorpach

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-548/23 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Frédéric Baldan (ionadaí: D. Protat, avocate)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

Le hordú an 30 Samhain 2023, dhiúltaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an tOchtú Dlísheomra) don achomharc toisc é a bheith, i bpáirt, do-ghlactha go follasach agus, i bpáirt, gan bhunús go follasach agus chinn sí go n-íocfaidh an t-achomharcóir a chostais féin.

____________