Caingean arna tabhairt an 15 Aibreán 2022 – Naass agus Sea Watch v Frontex
(Cás T-205/22)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Marie Naass (Beirlín, an Ghearmáin), Sea Watch eV (Beirlín) (ionadaithe: I. Van Damme agus Q. Declève, Dlíodóirí)
Cosantóir: Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:
Cinneadh ó Frontex DGSC/TO/PAD-2021-00350 an 7 Feabhra 2022 a chur ar neamhní;
a ordú do Frontex costais an iarratasóra a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí dhá shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear nach bhfuil na cúiseanna le diúltú do dhoiciméid áirithe a bhaineann le heachtra áirithe a tharla sa Mheánmhuir an 30 Iúil 2021 a nochtadh luaite mar is cuí ag Frontex mar chuid dá Chinneadh DGSC/TO/PAD-2021-00350 an 7 Feabhra 2022, ar bhonn na heisceachta maidir le slándáil phoiblí faoi Airteagal 4(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.1
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil Airteagal 4(6) de Rialachán 1049/2001 á shárú le Cinneadh DGSC/TO/PAD-2021-00350 an 7 Feabhra 2022 trí pháirt-rochtain ar na doiciméid a iarradh a dhiúltú.
____________
1 Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).