Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 19 Eanáir 2022 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne Ordú na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a fógraíodh 10 Samhain 2021 i gCás T-771/20, KS agus KD v An Chomhairle agus Daoine Eile

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-44/22 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: Y. Marinova agus J. Roberti di Sarsina, Gníomhairí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: KS, KD, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais :

an t-ordú faoi achomharc a chur i leataobh go huile agus go hiomlán;

a shuí go bhfuil dlínse eisiach ag Cúirteanna an Aontais chun an cás a éisteacht agus a breith a thabhairt ina thaobh;

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun cinneadh a dhéanamh maidir le hinghlacthacht agus maidir le tuillteanas an cháis;

costais na n-imeachtaí seo agus na n-imeachtaí gaolmhara roimhe seo a fhorchoimeád.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-iarratasóir ceithre fhoras achomhairc.

An chéad fhoras: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí i) mhainneachtain aitheantas a thabhairt ar chineál an teorannaithe ar dhlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) in Airteagail 24 CAE agus 275 CFAE de mhaolú ar dhlínse ghinearálta CBAE, ii) mhainneachtain an maolú seo a léirmhíniú ar bhealach sriantach, rud atá contrártha do chásdlí sochair CBAE, agus trí iii) bhreithiúnais 1 , SatCen 2 agus Elitaliana 3 a léirmhíniú go mícheart amhail nach dtacaíonn siad do dhlínse CBAE sa chás atá faoi chaibidil.

An dara foras: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí mhainneachtain an chaingean a aicmiú i gceart mar chaingean le haghaidh damáistí a bhaineann le sáruithe líomhnaithe ar chearta bunúsacha an duine, agus trí mhainneachtain teorainneacha ar dhlínse CBAE a léirmhíniú i bhfianaise chearta an duine agus na gceanglas maidir leis an smacht reachta faoi dhlí príomha AE, lena suitear dlínse CBAE sa chás faoi chaibidil.

An chéad chuid: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí na bearta, gníomhartha, nó neamhghníomhartha a dhéanann na hiarratasóirí agóid ina gcoinne a aicmiú amhail go dtagann siad faoi shaincheisteanna polaitiúla nó straitéiseacha a bhaineann leis an Misean agus maidir le sainmhíniú nó cur chun feidhme an CBES (Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh), agus nach mar bhearta, ghníomhartha nó neamhghníomhartha a dhéanann damáiste de dheasca sáruithe ar chearta an duine atá líomhnaithe i gcomhthéacs CBES.

An dara cuid: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí mhainneachtain Airteagail 24 CAE agus 275 CFAE a léirmhíniú i bhfianaise cearta bunúsacha agus saoirsí AE faoin gCairt agus an ECHR, agus luachanna fothaithe AE maidir leis an smacht reachta agus meas ar chearta an duine sna Conarthaí (Airteagail 2, 3(5), 6(1) agus (3), 21(2)(b) agus 23 CAE, agus Airteagal 19 CAE, agus Airteagal 47 den Chairt).

An tríú foras: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí bhreithiúnas Bank Refah 1 a léirmhíniú go mícheart agus trí mhainneachtain an chaingean le haghaidh damáistí a mheas mar chaingean dlí neamhspleách nach bhfuil aon díolúine aici ó dhlínse CBAE faoi Airteagal 268 agus Airteagal 340, an dara mír, CFAE.

An ceathrú foras: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí mhainneachtain neamhspleáchas dlíchoras AE a áirithiú agus trí leigheas éifeachtach a bhaint de na hiarratasóirí.

An chéad chuid: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí mhainneachtain dlínse eisiach Chúirteanna an Aontais a shuí chun an cás atá faoi chaibidil a éisteacht agus a breith a thabhairt ina thaobh.

An dara cuid: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí aon leigheas éifeachtach a bhaint de na hiarratasóirí sa chás atá faoi chaibidil agus tríd iad a fhágáil go héifeachtach gan aon rogha inmharthana chun cosaint a gcearta bunúsacha a áirithiú.

____________

1 Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 19 Iúil 2016, H v an Chomhairle agus Daoine Eile, C-455/14 P, EU:C:2016:569.

1 Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 25 Deireadh Fómhair 2018, KF v SatCen, T-286/15, EU:T:2018:718; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 25 Meitheamh 2020, SatCen v KF, C-14/19 P, ECLI:EU:C:2020:492; ordú na Cúirte Ginearálta an 10 Iúil 2020, KF v SatCen, T-619/19, neamhfhoilsithe, EU:T:2020:337; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 14 Deireadh Fómhair 2021, KF v SatCen, C-464/20 P, neamhfhoilsithe, ECLI:EU:C:2021:848.

1 Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 12 Samhain 2015, Elitaliana v Eulex Kosovo, C-439/13 P, EU:C:2015:753.

1 Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2020, Bank Refah Kargaran v an Chomhairle, C-134/19 P, EU:C:2020:793.