Language of document :

Caingean arna tabhairt an 7 Lúnasa 2023 – Lidl Digital International v EUIPO –Ningbo Hanyuan Lighting (Lampaí)

(Cás T-471/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Lidl Digital International GmbH & Co. KG (Neckarsulm, an Ghearmáin) (ionadaithe: T. Dolde agus C. Zimmer, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Ningbo Hanyuan Lighting Co. Ltd (Ningbo, an tSín)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Dearadh atá faoi cheist: Dearadh Comhphobail (Lampaí) — Dearadh Comhphobail Uimh. 5647708-0010

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 26 Meitheamh 2023 i gCás R 599/2022-3

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí seo agus costais na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc a íoc.

Saincheisteanna dlí

Sárú ar Airteagal 7(1), in éineacht le hAirteagal 65(1)(c), de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle.

____________