Achomharc arna thabhairt ag Association Trinationale de Protection Nucléaire (ATPN) an 30 Bealtaine 2023 i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra) a fógraíodh an 30 Márta 2023 i gCás T-567/22, ATPN v an Coimisiún
(Cás C-340/23 P)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Achomharcóir: Association Trinationale de Protection Nucléaire (ATPN) (ionadaí: C. Lepage, Dlíodóir)
Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:
a dhearbhú go bhfuil an t-achomharc inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis;
ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2023 i gCás T-567/22 a chur ar neamhní ina iomlán;
an t-ordú atá á lorg os comhair na Cúirte Ginearálta a dheonú go hiomlán agus, dá bhrí sin, a éisteacht le substaint an cháis ,
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha fuinnimh áirithe agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le foilsiú go sonrach le haghaidh na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha sin;
agus in aon chás,
a ordú don Choimisiún na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an ngníomhaíocht, maíonn an t-achomharcóir na saincheisteanna dlí seo a leanas:
dhá fhoras achomhairc leis an ordú a chur ar neamhní:
Chuir an Chúirt Ghinearálta a hordú ó bhail trína cinneadh, i mír 16 go mír 27 den ordú atá faoi achomharc, nach raibh locus standi ag an achomharcóir caingean a thabhairt ina ainm féin faoin gceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE;
Chuir an Chúirt Ghinearálta a hordú ó bhail le hearráid dlí agus earráid fhollasach measúnaithe trína cinneadh, i mír 28 go mír 42 den ordú atá faoi achomharc, nach raibh locus standi ag an achomharcóir caingean a thabhairt thar ceann a comhaltaí faoin gceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE.
cúig fhoras acomhairc leis an Rialachán a chur ar neamhní:
Tá an nós imeachta neamhrialta sa mhéid is go sáraítear leis forálacha Rialachán Uimh. 2020/852 an 18 Meitheamh 2020;
Sáraíodh rialacha na tacsanomaíochta;
Sáraíodh forálacha Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 2020/852 an 18 Meitheamh 2020 agus níl na cuspóirí uaillmhianach go leor;
Sáraíodh critéir ghinearálta dhlí an Aontais agus, go sonrach, prionsabal an réamhchúraim dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 2020/852;
Tá neamh-chomhoiriúnacht idir infheistíochtaí in infheistíochtaí núicléacha agus infheistíochtaí glasa i dtéarmaí faisnéise airgeadais.
____________