Iarraidh ar réamhrialú ó Augstākā tiesa (Senāts – an Laitvia) a taisceadh an 31 Bealtaine 2023 – Pārtikas drošības, dzīvnieku veselības un vides zinātniskais institūts BIOR v Valsts ieņēmumu dienests
(Cás C-344/23, BIOR)
Teanga an cháis: an Laitvis
An chúirt a rinne an tarchur
Augstākā tiesa (Senāts)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir ag an gcéadchéim agus freagróir ar an achomharc ar phointe dlí: Pārtikas drošības, dzīvnieku veselības un vides zinātniskais institūts BIOR
Cosantóir ag an gcéadchéim agus achomharcóir ar phointe dlí: Valsts ieņēmumu dienests
Na ceisteanna a tharchuirtear:
An gcaithfear an téarma “ionstraim nó gaireas eolaíochta” i bpointe (a) d’Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear Córas Comhphobail d’fhaoisimh ó dhleacht chustaim1 , a léiriú sa chaoi go bhféadfadh réada a bheith san áireamh ann a fheidhmíonn, de bhua a struchtúir theicniúil agus a bhfeidhmithe ar leith, iad féin go díreach mar mhodh taighde eolaíoch?
An gcaithfear an ainmníocht chomhcheangailte in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim1 , arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1925 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 20172 , a léiriú sa chaoi go bhféadfar clibeanna éisc atá déanta as plaisteach a áireamh i bhfo-cheannteideal 3926 90 92 90 den ainmníocht chomhcheangailte?
____________
1 IO 2009 L 324, lch. 23.
1 IO 1987 L 256, lch. 1.
1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1925 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO 2017 L 282, lch. 1).