Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Okręgowy w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 2 Meitheamh 2023 – LB, JL v Getin Noble Bank
(Cás C-347/23, Zabitoń 1 )
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Okręgowy w Warszawie
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: LB, JL
Cosantóir: Getin Noble Bank S.A.
An cheist a tharchuirtear
An gá go ndéanfaí Airteagal 2(b) agus (c) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra 1 a léiriú sa chaoi go gciallaíonn go measfar gur ‘tomhaltóir’ de réir bhrí na Treorach sin duine nádúrtha a thugann comhaontú iasachta morgáiste chun críche chun cistí a chruinniú chun maoin aonair a cheannach atá le ligean ar cíos (ceannach le ligean ar cíos)?
____________
1 Is ainm bréagach é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíor ainm aon pháirtí sna himeachtaí.
1 IO 1993 L 95, lch. 29.