Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 25 Eanáir 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski rayonen sad – an Bhulgáir) – Em akaunt BG ЕООD v Zastrahovatelno aktsionerno druzhestvo Armeets AD

(Cás C-438/22 1 , Em akaunt BG)

(Tarchur chun réamhrialú – Iomaíocht – Cairtéil – Airteagal 101 CFAE – Cinneadh ag eagraíocht ghairmiúil dlíodóirí maidir le híosmhéideanna táillí – Cinneadh ó chomhlachas gnóthas – Toirmeasc ar chúirt aisíocaíocht táillí níos ísle ná na híosmhéideanna sin a ordú – Srianadh ar iomaíocht – Bonn cirt – Cuspóirí dlisteanacha – Cáilíocht na seirbhísí arna soláthar ag dlíodóirí – Cur chun feidhme bhreithiúnas an 23 Samhain 2017, CHEZ Elektro Bulgaria agus FrontEx International (C-427/16 agus C-428/16, EU:C:2017:890) – Inghlacthacht chásdlí Wouters i gcás ina bhfuil srianadh iomaíochta de réir cuspóra)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski rayonen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Em akaunt BG ЕООD

Cosantóir: Zastrahovatelno aktsionerno druzhestvo Armeets AD

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 101(1) CFAE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(3) CAE,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina gcinnfidh cúirt náisiúnta go bhfuil rialachán lena socraítear na híosmhéideanna táillí dlíodóirí, arna dhéanamh éigeantach le reachtaíocht náisiúnta, contrártha d’Airteagal 101(1), tá sé de cheangal uirthi diúltú an reachtaíocht náisiúnta sin a chur i bhfeidhm ar an bpáirtí ar ordaíodh dó na costais a chomhfhreagraíonn do tháillí dlíodóirí a íoc, lena n-áirítear i gcás nach bhfuil aon chonradh déanta ag an bpáirtí sin le haghaidh sheirbhísí dlíodóirí agus táillí dlíodóirí.

Maidir le hAirteagal 101(1) CFAE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(3) CAE,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní mór a mheas gur srian ar iomaíocht ‘de réir cuspóra’ é de réir bhrí na forála sin reachtaíocht náisiúnta, ar an gcéad dul síos, nach gceadaítear leí don dlíodóir agus dá chliant teacht ar chomhaontú maidir le luach saothair ar mhéid is ísle ná an t-íosmhéid a leagtar síos le rialachán arna ghlacadh ag eagraíocht ghairmiúil dlíodóirí, amhail Visshia advokatski savet (Uaschomhairle Bharra na Bulgáire), agus, ar an dara dul síos, nach n-údaraítear léi don chúirt a ordú go n-aisíocfar táille is ísle ná an t-íosmhéid sin. I gcás ina bhfuil srian den sórt sin, ní féidir brath ar na cuspóirí dlisteanacha a líomhnaítear a shaothraítear leis an reachtaíocht náisiúnta sin chun an t-iompar i dtrácht a bhaint den toirmeasc ar chomhaontuithe agus ar chleachtais atá sriantach ar iomaíocht a leagtar síos in Airteagal 101(1) CFAE.

Maidir le hAirteagal 101(2) CFAE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(3) CAE,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina gcinneann cúirt náisiúnta go sáraíonn rialachán lena socraítear na híosmhéideanna táillí dlíodóirí, arna dhéanamh éigeantach sa reachtaíocht náisiúnta, an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 101(1) CFAE, ceanglaítear uirthi diúltú an reachtaíocht náisiúnta sin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i gcás ina léiríonn na híosmhéideanna a leagtar síos leis an rialachán sin praghsanna margaidh iarbhír do sheirbhísí dlíodóirí.

____________

1 IO C 408, 24.10.2022