Caingean arna tabhairt an 13 Meitheamh 2022 – De Dietrich Process Systems v EUIPO – Koch-Glitsch (KARR)
(Cás T-352/22)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: De Dietrich Process Systems GmbH (Mainz, an Ghearmáin) (ionadaí: M. Körner, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Koch-Glitsch LP (Wichita, Kansas, na Stáit Aontaithe)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: An páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontas Eorpaigh “KARR” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 3 790 359
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 1 Aibreán 2022 i gCás R 1105/2021-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus achomharc ó dhílseánach trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh i gcoinne chinneadh an Rannáin Cealúcháin de chuid EUIPO dar dáta an 29 Aibreán 2021 (Cás Uimh. 42 121 C) lena ndearbhaítear go bhfuil Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 3 790 359 (“KARR”) neamhbhailí ina iomláine a dhiúltiú;
a ordú don chosantóir na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 59(1)(a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal (7)(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Sárú ar Airteagal 59(1)(a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal (7)(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________