Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 25 Eanáir 2023 – De Dietrich Process Systems v EUIPO – Koch-Glitsch (KARR)
(Cás T-352/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí cúlghairme – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “KARR” – Dearbhfhoras le neamhbhailiú – Airteagal 7(1)(c) agus Airteagal 51(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh 40/94 (anois Airteagal 7(1)(c) agus Airteagal 59(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001))
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: De Dietrich Process Systems GmbH (Mainz, an Ghearmáin) (ionadaí: M. Körner, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Eberl agus T. Klee, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Koch Glitsch LP (Wichita, Kansas, Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 1 Aibreán 2022 (Cás R 1105/2021 1) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 1 Aibreán 2022 (Cás R 1105/2021-1);
2. Ordaítear do EUIPO na costais a íoc.
____________
1 IO C 294, 1.8.2022.