Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 1 Aibreán 2022 – flightright GmbH v Eurowings GmbH

(Cás C-228/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht Düsseldorf

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: flightright GmbH

Cosantóir: Eurowings GmbH

Na ceisteanna a tharchuirtear

An ann i gcónaí do thoisc urghnách de réir bhrí Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 261/20041 (an Rialachán maidir le Cearta Aerphaisinéirí) i gcás gur athrú ar leithroinnt sliotán arna déanamh ag an údarás rialaithe aerthráchta inniúil ba chúis le cealú na heitilte nó leis an moill gurb ionann agus cur ar ceal?

Má thugtar freagra diúltach ar Cheist 1, an leor, chun go gcinnfí gurb ann do thoisc urghnách faoi Airteagal 5(3) den Rialachán maidir le Cearta Aerphaisinéirí, gur laghdú ar acmhainn eitilte de dheasca aimsire ba chúis leis an athrú ar an leithroinnt sliotán, cé nár chothaigh na dálaí aimsire stop mór aerthráchta ar an iomlán?

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadaítear dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirtear eitiltí ar ceal nó ina bhfuil moill mhór ar eitiltí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).