Language of document :

Achomhairc arna thabhairt an 17 Feabhra 2022 ag Helene Hamers i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) an 21 Nollaig 2021 i gCás T-159/20, Hamers v Cedefop

(Cás C-111/22 P)

Teanga an cháis: an Ghréigis

Páirtithe

Iarratasóir: Helene Hamers (ionadaithe: Vasileios Spiridon Christianos, Alexandros Politis agus Michail Rodopoulos, Dlíodóirí)

Páirtí eile sna himeachtaí:: An Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop)

An t-ordú atá á lorg

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Nollaig 2021 a chur ar neamhní go páirteach, i gcás T-159/20, Hemmers v Cedefop, EU:T:2021:913,

a mhéid is gá, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh breithiúnais,

a ordú do Cedefop na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Is é ábhar an bhreithiúnais atá faoi achomharc ná an damáiste a bhain don iarratasóir de dheasca gníomhartha agus neamhghníomhartha Cedefop roimh, le linn agus tar éis imeachta coiriúil náisiúnta a thabhairt chun críche os comhair údaráis bhreithiúnacha na Gréige, a bhaineann le rialtacht agus dlisteanacht dámhachtana conarthaí poiblí ó Cedefop chuig tríú páirtithe sa tréimhse ó 2001 go 2005.

Cuireann an t-achomharcóir dhá fhoras achomhairc i láthair agus áitítear an méid seo a leanas i dtaca leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc:

Ar an gcéad dul síos, i míreanna 55 go 61 agus i mír 83, rinneadh earráid dlí maidir le léirmhíniú Airteagal 41(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) toisc, murab ionann agus an méid a chinn an Chúirt Ghinearálta ar na míreanna sin, ar thaobh amháin, níor bhain an t-iarratasóir leas as scrúdú neamhchlaonta a rinne Cedefop agus, ar an taobh eile, níor réitigh an cinneadh ó Choiste Achomhairc Cedefop an locht ar chinneadh an 3 Iúil 2019. Ag an am céanna, ar na cúiseanna thuasluaite, níor thug an Chúirt údar cuí do na pointí thuas.

Ar an dara dul síos, i mír 65 agus i míreanna 68 go 75 agus 83, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí ina léirmhíniú maidir le toimhde na neamhchiontachta ar a raibh an t-iarratasóir ag brath faoi Airteagal 48(1) den Chairt, rud a athneartaíodh mar shárú ar phrionsabal an chomhair dhílis i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontais Eorpaigh. Ag an am céanna, ar na cúiseanna thuasluaite, thug an Chúirt cúiseanna neamhleora leis na pointí thuas.

____________