Caingean arna tabhairt an 24 Eanáir 2024 – ePURE agus Pannonia Bio v an Pharlaimint agus an Chomhairle
(Cás T-45/24)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Epure, de Europese Producenten Unie van Hernieuwbare Ethanol (Etterbeek, an Bheilg), Pannonia Bio Zrt. (Búdaipeist, an Ungáir) (ionadaithe: M.-S. Dibling agus G. Michaux, Dlíodóirí)
Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
Mír 8(c) d’Airteagal 3, míreanna 1, 4 agus 5 d’Airteagal 4, mar aon le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2405 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le cothrom na Féinne a áirithiú d’aeriompar inbhuanaithe 1 a chur ar neamhní — a mhéid go ndéantar bithbhreoslaí a tháirgtear ó bharra bia agus beatha agus barra idirmheánacha a eisiamh leo ón sainmhíniú agus/nó ó sciartha íosta de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus go bhforchuirtear sciar íosta le haghaidh breoslaí eitlíochta sintéiseacha leo;
a ordú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a gcuid costas a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheisteanna dlí.
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna na cosantóirí earráid fhollasach mheasúnaithe trí shonraí eolaíocha agus teicniúla a bhí ar fáil a bhréagnú agus a mbeartas á ullmhú acu, rud a sháraigh Airteagal 191 CFAE, agus nár thug siad cúiseanna leordhóthanacha, rud a sháraigh Airteagal 296 CFAE, chun bithbhreoslaí barrbhunaithe i gcomhréir leis an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (RED) a eisiamh agus fabhair a dheonú le haghaidh breoslaí eitlíochta sintéiseacha (SyAF).
An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh na cosantóirí prionsabal na comhréireachta trí thoirmisc a achtú go héifeachtach ar bhithbhreoslaí barrbhunaithe atá comhlíontach le RED a úsáid, i.e. bunábhar atá inbhuanaithe go follasach, le haghaidh breosla eitlíochta.
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh na cosantóirí prionsabal na córa comhionainne (i) trí chaitheamh go cothrom le bithbhreoslaí barrbhunaithe atá i gcomhréir le RED ar thaobh amháin, agus le breoslaí iontaise agus bithbhreoslaí bunaithe ar ola phailme ar an taobh eile, (ii) trí chaitheamh go héagsúil le bithbhreoslaí ó bharra atá comhlíontach le RED in earnáil na heitlíochta agus in earnálacha an iompair de bhóthar agus d’iarnród, agus, (iii) trí chaitheamh go héagsúil le bithbhreoslaí a dhéantar ó bhunábhar RED Iarscríbhinn IX B i gcomparáid le bithbhreoslaí barrbhunaithe RED, agus (iv) trí bhithbhreoslaí comhlíontacha bunaithe ar bharra RED a eisiamh ón sainmhíniú SAF agus sciar éigeantach SAF a bhronnadh ar SyAF.
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh na cosantóirí prionsabal na neodrachta teicneolaíche trí chineál amháin breosla (eadhon SyAF) a chur chun cinn mar an phríomhchúis leis an gcumas atá aige suas le 100 % de laghduithe GCT a bhaint amach, agus ag an am céanna cóireáil fhabhrach chomhchosúil a dhiúltú do bhithbhreoslaí barrbhunaithe RED (agus breoslaí eitlíochta inbhuanaithe eile) a d’fhéadfadh a bheith níos mó ná 100 % de laghduithe GCT, agus fiú iad a eisiamh ón sainmhíniú cruinn atá ar bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe, bithbhreoslaí ó bharra atá comhlíontach le RED.
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur theip ar na cosantóirí prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus na n-ionchas dlisteanach a urramú, ós rud é go dtréigtear an chaoi a chaitear le bithbhreoslaí barrbhunaithe faoin Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite go suntasach agus gan údar cuí leis na forálacha atá faoi chonspóid, rud a fhágann go bhfuil easpa deimhneachta dlíthiúla ann agus go ndiúltaítear ionchais dhlisteanacha na n-oibreoirí lena mbaineann.
An séú saincheist dlí lena n-éilítear gur bhain na cosantóirí mí-úsáid as a gcumhachtaí trí bheart a ghlacadh nár tugadh a chumhachtaí ina leith.
An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh na cosantóirí ceart na n-iarratasóirí chun dea-riaracháin de bhun Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘An Chairt’).
____________
1 IO L, 2023/2405, 31.10.2023.