Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Okręgowy w Gliwicach (an Pholainn) a taisceadh an 26 Eanáir 2024 – BA agus páirtithe eile

(Cás C-57/24, Ławida) 1

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Okręgowy w Gliwicach

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: BA, arna ionadú ag BR, ionadaí dlíthiúil

Páirtithe eile: EQ agus CJ, arna n-ionadú ag XK, ionadaí dlíthiúil; LF agus AA, arna n-ionadú ag TB, ionadaí dlíthiúil

An cheist a tharchuirtear

Maidir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú, 1 an bhfuil léiriú le déanamh amhail nach bhfuil feidhm aige i gcás, ina theannta dearbhú maidir le comharbas a tharscaoileadh a bheith faighte, nach mór dó a bheith formheasta ag cúirt freisin chun bheith éifeachtach – de réir fhorálacha an Bhallstáit ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine ag a bhfuil an dearbhú á dhéanamh – mar shampla dá ndéanfaí a leithéid de dhearbhú i ndiaidh dhul in éag don tréimhse dá bhforáiltear chuige sin?

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 IO 2012 L 201 lch.107.