Achomharc arna thabhairt an 17 Meitheamh 2022 ag SAS Cargo Group A/S, Scandinavian Airlines System Denmark-Norway-Sweden, SAS AB i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra méadaithe) a tugadh an 30 Márta 2022 i gCás T-324/17, SAS Cargo Group agus páirtithe eile v an Coimisiún
(Cás C-403/22 P)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóirí: SAS Cargo Group A/S, Scandinavian Airlines System Denmark-Norway-Sweden, SAS AB (ionadaithe: B. Creve agus M. Kofmann, advokater, agus J. Killick agus G. Forwood, avocats)
Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarann na hachomharcóirí ar an gCúirt Ghinearálta:
An breithiúnas atá faoi achomharc a neamhniú, a mhéid a dhiúltaítear leis don chaingean le haghaidh neamhniú;
Cinneadh C(2017) 1742 final ón gCoimisiún an 17 Márta 2017 maidir le himeacht de bhun Airteagal 101 CFAE, Airteagal 53 de Chomhaontú LEE agus Airteagal 8 den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar (Cás AT.39258 – Airfreight) (an Cinneadh), a mhéid a bhaineann sé leis na hachomharcóirí, a neamhniú ina iomláine nó i bpáirt;
An fhíneáil a gearradh a laghdú go suntasach nó a neamhniú;
De rogha air sin, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte; agus
A ordú don Choimisiún costais an achomhairc agus costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena n-achomharc, maíonn na hachomharcóirí cúig shaincheist dlí:
An chéad saincheist dlí – maíonn an t-achomharcóir go ndearnadh earráidí dlí maidir le sárú ar an gceart um chosaint agus ar an gceart rochtain a fháil ar an gcomhad trí mhainneachtain rochtain a thabhairt ar fhianaise inchoiritheach agus shaorthach.
An dara saincheist dlí – maíonn an t-achomharcóir go ndearnadh earráidí dlí maidir leis an gceart chun éisteacht a fháil ag féachaint do thástáil na n-éifeachtaí cáilithe agus do bhealaí isteach.
An triú saincheist dlí – maíonn an t-achomharcóir go ndearnadh earráidí dlí maidir le cur i bhfeidhm thástáil na n-éifeachtaí cáilithe.
An ceathrú saincheist dlí - maíonn an t-achomharcóir go ndearnadh earráidí dlí maidir leis an sárú leanúnach aonair.
An cúigiú saincheist dlí - maíonn an t-achomharcóir maidir earráidí dlí maidir le feidhmiú dhlínse gan teorann na Cúirte Ginearálta chun an fhíneáil a ríomh.
____________