Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado de Primera Instancia nº 1 de Fuenlabrada (an Spáinn) a taisceadh an 2 Feabhra 2024 – A.B.D. v Bankinter Consumer Finance, E.F.C., S.A.

(Cás C-88/24)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado de Primera Instancia nº 1 de Fuenlabrada

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: A.B.D.

Cosantóir: Bankinter Consumer Finance, E.F.C., S.A.

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le hAirteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13 1 ar léiriú cúirte ar an dlí náisiúnta ar dá réir, i ndiaidh do chomhaontú creidmheasa a bheith curtha ar neamhní, go bhfuil sé de cheart ag foras creidmheasa a éileamh ar an tomhaltóir, i dteannta na haisíocaíochta ar an gcaipitil arna aistriú chomh maith le hús ar íocaíocht dhéanach de réir an ráta reachtúil agus ó tugadh an fógra fhoirmiúil, ús ar mhéideanna creidmheasa arna dtarraingt síos ag an tomhaltóir de réir an ráta reachtúil agus ón uair gur tarraingíodh síos na méideanna úd?

An gcuirtear cosc le hAirteagal 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13 ar léiriú cúirte ar an dlí náisiúnta lena gcuirtear leordhóthanacht an phraghais leis an measúnú ar mhí-úsáideacht, ar dá réir, i ndiaidh comhaontú creidmheasa a chur ar neamhní, nach bhféadfadh an tomhaltóir éileamh ar chúiteamh ón bhforas creidmheasa atá sa bhreis ar aisíocaíocht na suime arna tabhairt ar iasacht, agus an méid iomlán arna fháil ag an gcreidiúnaí á chur san áireamh?

I gcás ina gcuirtear clásal nó an conradh ar neamhní mar gheall ar a mhí-úsáideachta nó mar gheall ar na n-oibleagáidí arna bhforchur ar an iasachtaí a shárú, an pionós comhréireach de réir Threoracha 93/13, 87/102, 1 agus 2008/48 2 é an oibleagáid atá ar an iasachtaí cúiteamh a thabhairt don tomhaltóir ar lú é ná an t-ús reachtúil ach go háirithe, móide cúig phointe faoin gcéad nó, más mó é ná an t-ús reachtúil móide cúig phointe faoin gcéad sa bhreis anuas air sin?

An gcuirtear cosc le hAirteagail 8 agus 23 de Threoir 2008/48 ar léiriú ar an dlí náisiúnta ar dá réir, i gcás nach gcomhlíonann an t-iasachtaí an oibleagáid measúnú a dhéanamh ar shócmhainneacht an tomhaltóra, go n-eisiatar, mar gheall air go ndéantar foráil mhaol do phionóis riaracháin, nach bhfuil an comhaontú creidmheasa inchurtha ar neamhní nó nach bhféadfaí iarmhairt shibhialta eile a fhorchur dá dheasca?

I gcomhréir le hAirteagail 3(1) agus 4(1) de Threoir 93/13, chun críocha measúnú a dhéanamh ar mhí-úsáideacht an mhodha íocaíochta iarchurtha le haghaidh cárta creidmheas in-athnuaite, an féidir go bhfuil sé i measc ábhair a mheasúnaithe nár thairg an trádálaí modh íocaíochta ag deireadh na míosa a d’fhéadfadh an tomhaltóir a roghnú, rud atá ar fáil sa raon táirgí chomh maith, nó gur thug sé treoir don tomhaltóir an modh íocaíochta iarchurtha a roghnú, ar dá réir ar chuir sé leasanna an trádálaí roimh leasanna an tomhaltóra?

I gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Threoir 93/13, chun críocha measúnú a dhéanamh ar chineál soiléir agus intuigthe conartha creidmheasa de thréimhse éiginnte, an féidir go bhfuil sé i measc ábhair a mheasúnaithe nach n-áirítear i ríomh an Ráta Chéatadánaigh Bhliantúil na toimhdí eile is bun leis ar mhaithe lena ríomh ná nach luaitear iad sa chonradh féin?

An gcuirtear cosc le hAirteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13, mar aon le hAirteagal 15 de Threoir 87/102 agus le hAirteagal 23 de Threoir 2008/48 ar fhoráil náisiúnta ar dá réir, i gcás nach luaitear an ráta céatadánach bliantúil san fhaisnéis chonarthach ná na toimhdí eile ar mhaithe lena ríomh, a d’fhéadfadh an foras creidmheasa ús reachtúil a éileamh ar an tomhaltóir faoi na teorainneacha ama arna gcomhaontú?

____________

1     Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993, maidir le téarmaí éagothroma i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, lch. 29).

1     Treoir 87/102/CEE ón gComhairle an 22 Nollaig 1986 chun dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le creidmheas tomhaltais a chomhfhogasú (IO L 42, lch. 48).

1 Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, lch. 58).