Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Korkein hallinto-oikeus (an Fhionlainn) a taisceadh an 27 Márta 2024 – A Oy

(Cás C-232/24, Kosmiro 1 )

Teanga an cháis: an Fhionlainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Korkein hallinto-oikeus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: A Oy

Páirtí eile: Veronsaajien oikeudenvalvontayksikkö

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    I gcás ina gceannaíonn cuideachta fachtóireachta fiachais sonraiscthe nach bhfuil dlite go fóill ó chustaiméir ar bhealach ina n-aistrítear riosca caillteanais na bhfiachas ón gcustaiméir chuig an gcuideachta sin (fachtóireacht i bhfoirm díol fiachais),

a)    an bhfuil an coimisiún fachtóireachta a ghearrann an chuideachta ar gach éileamh a chumhdaítear leis an gcomhaontú, arna shloinneadh mar chéatadán, le meas mar choigeartú ar an bpraghas ceannaigh i dtaca le ceannach na bhfiachas nó mar mhír eile lasmuigh de raon feidhme Threoir 2006/112 1 , nó

b)    an bhfuil Airteagal 2(1)(c) agus Airteagal 9 de Threoir 2006/112 le léiriú sa chaoi go soláthraíonn an chuideachta seirbhís ar comaoin a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin dá custaiméir mar mhalairt ar an gcoimisiún fachtóireachta dá dtagraítear i bpointe 1(a)?

2.    An bhfuil an táille thionscnaimh sheasta a ghearrtar ar an gcustaiméir i gcomhthéacs fachtóireacht i bhfoirm díol fiachas chun an próiseas fachtóireachta a bhunú agus a thosú le meas mar chomaoin as seirbhís a dhíol leis an gcustaiméir a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/112?

3.    I gcás ina bhfuil na táillí dá dtagraítear i bpointí 1 nó 2 agus a sonrascadh i gcomhthéacs na fachtóireachta i bhfoirm díol fiachasle meas mar chomaoin i leith soláthar seirbhíse a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/112,

a)    an bhfuil Airteagal 135(1)(b) de Threoir 2006/112, a bhaineann le creidmheas a dheonú, nó Airteagal 135(1)(d) den Treoir sin, a bhaineann le hidirbhearta lena mbaineann íocaíochtaí nó fiacha, le léiriú sa chaoi nach mór an coimisiún fachtóireachta a ghearrtar ar an gcustaiméir nó an táille thionscnaimh a mheas mar chomaoin i leith soláthar seirbhíse atá díolmhaithe ó cháin, nó

b)    an bhfuil Airteagal 135(1)(d) de Threoir 2006/112 le léiriú sa chaoi gur comaoin i leith bailiú fiachas é atá le meas mar sholáthar seirbhíse inchánach, nó comaoin i leith soláthar seirbhíse eile inchánach?

4.    I gcás ina soláthraíonn cuideachta fachtóireachta maoiniú dá custaiméir trí chreidmheas a dheonú ar bhealach ina bhfónann fiachais shonraiscthe an chustaiméara mar urrús don mhaoiniú a sholáthraíonn an chuideachta (fachtóireacht sonrasc),

a)    an gcaithfear Airteagal 135(1)(b) de Threoir 2006/112, a bhaineann le creidmheas a dheonú, nó Airteagal 135(1)(d) den Treoir sin, a bhaineann le hidirbhearta íocaíochta nó idirbhearta lena mbaineann éilimh, a léiriú sa chaoi nach mór an coimisiún fachtóireachta a ghearrtar ar an gcustaiméir as gach fiachas a chumhdaítear leis an gcomhaontú agus an táille thionscnaimh sheasta chun an comhaontú fachtóireachta a bhunú agus a thosú a mheas, go páirteach ar a laghad, mar chomaoin as soláthar seirbhíse atá díolmhaithe ó cháin, nó

b)    an gcaithfear Airteagal 135(1)(d) de Threoir 2006/112 a léiriú sa chaoi gurb í agus an chomaoin as bailiú fiach atá le meas mar sholáthar inchánach seirbhíse nó an chomaoin as seirbhís inchánach eile?

5.    Má tá an coimisiún fachtóireachta nó an táille thionscnaimh a ghearrtar i gcomhthéacs fachtóireacht i bhfoirm díol fiachas nó fachtóireacht i bhfoirm maoiniú sonrasc le meas ina iomláine mar chomaoin i leith soláthar seirbhísí inchánach ar bhonn mhíreanna 3 nó 4, an bhfuil an cánachas ar an tseirbhís sin de bhun na Treorach chomh soiléir agus chomh neamhchoinníollach sin nach mór, arna iarraidh sin ag an duine inchánach, a aithint go bhfuil éifeacht dhíreach aige, fiú má áirítear leis an díolúine dá bhforáiltear sa dlí CBL náisiúnta, sa bhreis ar chreidmheas a dheonú, socruithe eile chun maoiniú a sholáthar?

____________

1 Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).