Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Cluj (an Rómáin a taisceadh an 3 Lúnasa 2023 – X v Russmedia Digital SRL, Inform Media Press SRL

(Cás C-492/23, Russmedia Digital agus Inform Media Press)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Cluj

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: X

Cosantóirí: Russmedia Digital SRL, Inform Media Press SRL

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)    An bhfuil feidhm ag Airteagail 12 go 14 de Threoir 2000/31/CE 1 freisin maidir le soláthraí seirbhíse faisnéise den chineál stórála-óstála a chuireann suíomh ar fáil d’úsáideoirí inar féidir fógraí saor in aisce nó fógraí íoctha a fhoilsiú agus a mhaíonn gur ról teicniúil amháin atá acu i bhfoilsiú fógraí na n-úsáideoirí (an t-ardán a chur ar fáil), ach a thugann le fios, trí choinníollacha ginearálta úsáide an tsuímh, nach n-éilíonn sé ceart úinéireachta ar an ábhar a sholáthraítear nó a fhoilsítear, a uaslódáiltear nó a tharchuirtear, agus an ceart chun an t-ábhar a úsáid á choinneáil, lena n-áirítear cóipeáil, dáileadh, tarchur, foilsiú, macasamhlú, modhnú, aistriú, a shannadh do chomhpháirtithe agus é a bhaint ag am ar bith, fiú gan chúis a bheith ag teastáil chun é sin a dhéanamh?

2)    An gceanglaítear, faoi léiriú Airteagail 2(4), 4(7) agus (11), 5(1)(f), 6(1)(a), 7, 24 agus 25 de Rialachán (AE) 2016/679 1 agus Airteagal 15 de Threoir 2000/31/CE ar sholáthraí seirbhíse faisnéise de chineál stórála-óstála den sórt sin, arb é an rialaitheoir sonraí pearsanta é, a fhíorú roimh fhoilsiú fógráin an bhfuil céannacht idir an duine a fhoilsíonn an fógra agus úinéir na sonraí pearsanta dá dtagraíonn an fógra?

3)    An gceanglaítear, faoi léiriú Airteagail 2(4), 4(7) agus (11), 5(1)(f), 6(1)(a), 7, 24 agus 25 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 15 de Threoir 2000/31/CE ar sholáthraí seirbhíse faisnéise de chineál stórála-óstála den sórt sin, arb é an rialaitheoir sonraí pearsanta é, inneachar na bhfógraí a sheolann úsáideoirí a sheiceáil roimh ré, chun iad siúd a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach nó a d’fhéadfadh cur isteach ar shaol príobháideach agus teaghlaigh duine a eisiamh?

4)    An gceanglaítear, faoi léiriú Airteagal 5(1)(b) agus (f), Airteagail 24 agus 25 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 15 de Threoir 2000/31/CE, ar sholáthraí seirbhíse faisnéise de chineál stórála-óstála den sórt sin, arb é rialaitheoir na sonraí pearsanta é, cosaintí a chur i bhfeidhm chun macasamhlú agus athdháileadh ábhar na bhfógraí a fhoilsítear a chosc nó a theorannú?

____________

1 Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (“An Treoir maidir le tráchtáil leictreonach”) (IO 2000 L 178, lch. 1).

1 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).