Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Corte d’appello di Bologna (an Iodáil) a taisceadh an 26 Deireadh Fómhair 2023 – Hera Comm SpA v Falconeri Srl

(Cás C-645/23, Hera Comm)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte d’appello di Bologna

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Hera Comm SpA

Cosantóir: Falconeri Srl

Na ceisteanna a tharchuirtear

An dtagann cáin bhreise arna dtobhach ag an mBallstát ar dhleacht mháil ar leictreachas, mar chodán nó mar iolraí den dleacht mháil a bhfuil an táirge faoina réir cheana, faoin gcoincheap ‘cánacha indíreacha eile’ de réir bhrí Airteagal 1(2) de Threoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na comhshocruithe ginearálta maidir le dleacht mháil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE, 1 nó an gcaithfear í a thuiscint mar nach bhfuil inti ach méadú ar an ráta dleachta máil, agus dá bhrí sin go bhfuil sé de cheart ag an mBallstát gan é a úsáid chun ‘na gcríoch sonrach’ a cheanglaítear le hAirteagal 1(2) de Threoir 2008/118/CE?

Más rud é go gcumhdaítear an cháin bhreise ar dhleacht mháil ar leictreachas leis an gcoincheap ‘cánacha indíreacha eile’, an gcaithfear Airteagal 1(2) de Threoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 a léiriú sa chiall go gcomhlíonann sé na coinníollacha faoina bhféadfaidh daoine aonair a bheith ag brath air os comhair cúirte náisiúnta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

cur i gcoinne díoltóra an táirge atá faoi réir na dleachta máil breise, ar íoc an duine aonair an cháin indíreach léi, ar an bhforas go bhfuil dliteanais chánach an Bhallstáit i gcoinne an díoltóra neamhdhleathach, ós rud é go bhfuil sé bunaithe ar fhoráil náisiúnta atá contrártha le foráil na Treorach;

dá bhrí sin, an íocaíocht neamhdhlite a aisghabháil ón díoltóir a bhfuil iontaoibh aige ina choinne.

____________

1     IO 2009 L 9, lch. 12.