Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Højesteret (an Danmhairg) a taisceadh an 13 Meitheamh 2023 – EN v Udlændingenævnet

(Cás C-375/23, Meislev1 )

Teanga an cháis: an Danmhairgis

An chúirt a rinne an tarchur

Højesteret

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: EN

Cosantóir: Udlændingenævnet

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.    An dtagann forálacha an dlí náisiúnta lena leagtar síos coinníollacha chun cead buanchónaithe a fháil i mBallstát faoi raon feidhme an chlásail neamhghníomhaíochta in Airteagal 13 de Chinneadh Uimh. 1/80 an 19 Meán Fómhair 1980 maidir le forbairt an Chomhlachais, arna ghlacadh ag an gComhairle Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú lena mbunaítear Comhlachas idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Tuirc arna shíniú an 12 Meán Fómhair 1963 in Ankara ag Poblacht na Tuirce, ar thaobh amháin, agus ag Ballstáit CEE agus ag an gComhphobal, ar aon taobh eile, arna thabhairt i gcrích, arna fhormheas agus arna dhaingniú thar ceann an Chomhphobail le Cinneadh 64/732/CEE ón gComhairle an 1 23 Nollaig 1963?

2.    Má thagann, an féidir a mheas go bhfuil déanamh níos dochraidína gcoinníollacha ama maidir le cead buanchónaithe a fháil do Bhallstát (is é sin le rá, na ceanglais íosta a leagtar síos maidir le fad réamhchónaithe agus réamhfhostaíochta náisiúnaigh eachtraigh sa Bhallstát a dhéanamh níos dochraidí) oiriúnach chun lánpháirtiú rathúil náisiúnach tríú tír a éascú?

____________

1 Is ainm dlítheanach é ainm an cháisseo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 .