Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Vestre Landsret (an Danmhairg) a taisceadh an 21 Meitheamh 2023 — Anklagemyndigheden v ILVA A/S

(Cás C-383/23, ILVA)

Teanga an cháis: an Danmhairgis

An chúirt a rinne an tarchur

Vestre Landsret

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: Anklagemyndigheden

Freagróir: ILVA A/S

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.    An gá an téarma “fiontar” [gnóthas] in Airteagal 83(4) go (6) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 1 a thuiscint mar ghnóthas de réir bhrí Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE, i gcomhar le haithris 150 den rialachán sin, agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le dlí iomaíochta an Aontais Eorpaigh, ionas go gcumhdófar leis an téarma “gnóthas” aon eintiteas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, beag beann ar stádas dlíthiúil an eintitis sin agus ar an gcaoi a maoinítear é?

2.    Má thugtar freagra dearfach ar Cheist 1, ní mór Airteagal 83(4) go (6) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a léiriú ar an gcaoi nach mór, agus fíneáil á gearradh ar ghnóthas, aird a thabhairt ar láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda an eintitis eacnamaíoch a bhfuil an gnóthas ina chuid de, nó ar láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda an ghnóthais féin amháin?

____________

1 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).